Má tá an dilseacht sin againn dár dtír, d’ár n-oidhreacht agus d’ár gcultúr, cén fáth nach mbeadh glór againn i ngnótahí na tíre? Ní dár ndeoin féin a bhí muid thar lear, ach de bharr nach raibh ár muintir ábalta fanacht in Éireann ceal fostaíochta. Ní raibh neart acusan ar sin. Nuair a fuair muid deis filleadh rinne muid sin agus ó shoin i leith tá muid ag glacadh ról gníomhach i bhforbairt agus i gcur chun cinn ár bpobal agus ár dtír. Níor athraigh an dilseacht sin le malairt seoladh. Cén fáth mar sin nach mbeadh glór againn maidir le ceannaire na tíre a roghnú?
Tá Uachtarán na hÉireann mar chéad shaoránach na tíre agus mar urlabhraí ar son na nGaeil ar fud an cruinne. Go deimhin, tá obair céadtach déanta ag Máire Mhic Roibín agus Máire Mhic Giolla Íosa ach go h-áirithe, chun áird a tharraingt ar chás na nÉireannach, cuma ca bhfuil siad. Bhí siad linn i gcómhair ócáídí mórtasacha agus ócáidí brónacha. Thaisteal siad an domhain ag árdu próifíl na nÉireannach agus ag bualadh lenár gcomhshaoránaithe cibé cén cearn den domhan a raibh siad scaipthe ann. Má bhí an omós agus an glacadh sin ag ár gcuid Uachtaráin orthu sin agus aitheantas dá réir tugtha dóibh mar Éireannaigh, nach beag an gníomh a bheadh ann deis a thabhirt do na Gaeil seo i gcéin, deis a bheith acu tionchar a imirt ar roghnú an té a bheadh ag labhairt ar a son siúd chomh maith? Dár linne i Sinn Féin, ba chóir an deis seo a chuir ar fáil agus ba chóir reifreann a reáchtáil chomh luath agus is féidir le seo a
chuir in áit.
Dár ndóigh baineann an cheist seo go sonrach le pobal na Sé Chontae chomh maith. Tógann an moladh seo go nádúrtha ar an mbunchloch a leagadh i gComhaontú Aoine an Chéasta, a dheimhníonn cearta do dhaoine ansin maidir le saoránacht Éireannach a bheith acu. Is ceist comhionannas agus cearta í. Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh cead ag gach saoránach Éireannach vóta a chaitheamh ar son Uachtarán a dhéanfaidh ionadaíocht ar oileán, uile na hÉireann agus muintir na hÉireann ar fad.
Níl shílim go bhfuil aon cheist faoi Éireannachas Máire Mhic Giolla Íosa, ach dá mbeadh cónaí uirthi ina baile dúchais nuair a toghadh í, ní bheadh cead aici vótáil di féin fiú! Tá sé sin áiféiseach.
Tá muid ag stocaireacht le fada i Sinn Féin chomh maith, tríd ionstraimí Chomhaontú Aoine an Chéasta, chun go mbeadh inchur Tuaisceartach i saol polaitíochta uile an náisiún, ach go háirithe go mbeadh cead ag an ochtar déag feisire do Westminster a thoghtar ó thuaidh, freastal ar Dháil Éireann agus go mbeadh cead vótála ag saoránaithe Éireannacha sna sé chontae i dtoghchán na hUachtaránachta. Seo ceart bunúsach atá ceilte orthu de bharr cur i bhfeidhm na críochdheighilte ar an oileán seo.
I ndiaidh síniú an Chomaontú, threoraigh an Taoiseach Bertie Ahern ag an am, do Choiste Uile Pháirtí Oireachtais an cheist seo a scrúdú. Thóg sé ó 1998 go dtí 2002 orthu sin a dhéanamh agus mhol siad gurb í an chéad céim ciallmhar eile gur chóir go dtógfaí na cead vótála i dtoghchán na hUachtaránachta a thabhairt do gach saoránach ar oileán na hÉireann. Ach, níl faic na ngrást déanta faoi ó shoin ag aon Rialtas.
Vótáil pobal uile an oileán ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta agus athraíodh Bunreacht na hÉireann mar thoradh ar sin, ar an dtuiscint go gcuirfí an Chomhaontú i bhfeidhm agus ba chóir don Rialtas seo anois an dualgas sin a chomhlíonadh.
Ba chóir do na h-iarrthóirí i dtoghchán reatha na hUachtaránachta an seasamh atá acu i leith na ceiste seo a léiriú go soiléir freisin. Tá Rialtas i ndiaidh Rialtas anseo tar éis an cheist seo a sheachaint agus bheadh sé spéisiúil ach go háirithe, dearcadh Mícheál D. Ó hUiginn agus Gay Mitchell a chloisteáil ós rud é go mbaineann siadsan le páirtithe an Rialtais atá i mbun an toghcháin an babhta seo agus nach bhfuil aon iarracht déanta acu an éagóir seo a chuir ina cheart in am don vótáil.
RSS Feed