Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartigh. Ag labhairt do sa Seanad inniú dúirt sé go bhfuil na hathruithe ar choinníollacha oibre atá beartaithe do mhúinteoirí nua a thagann isteach sa chóras míchothrom agus éagórach agus go bhfuil na milliúin d’infheistíocht stáit dhá chur amú mar go mbeidh air formhór na n-oidí seo dul ar imirce le fostíocht fiúntach a fháil.
D’eagraigh Seanadóir Shinn Féin cur i láthair i dTithe an Oireachtais ar an gCéadaoin ón INTO agus Grúpa Gníomhaíochta na nOidí Nua Cháilithe, a dhéanann ionadaíocht ar na mílte ábhar oidí ó cheithre choláiste ullmhúchán sa Stát. Chuir na hurlabhraithe in iúl go mbeidh cuid acu ag obair faoi bhun an íosphá náisiúnta má chuirtear an réimeas nua tuarastail atá molta ag an Aire Oideachais i bhfeidhm. Dúirt siad go mbeadh orthu oibriú ar €419 sa
tseachtain mar mhúinteoirí nua-cháilithe agus go bhfuil sé seo miréasúnta agus mífhaireáilte.
‘Ta cuid mhaith de na hábhar oidí seo ag pleanáil dul thar lear. Is mic léinn aibí cuid mhaith acu a bhfuil taithí, cáilíochtaí agus dualgaisí go leor eile acu. Ní féidir leo maireachtáil ar an méid atá dhá thairiscint. Tá obair múinteoireachta ar fáil thar sáile agus suas le €120,000 sa bhliain mar thuarastal’, deir an Seanadóir. ‘Tá an Rialtas anseo ag iarraidh ar na daoine ardchumais seo oibriú ar €24,000 sa bhliain agus ní féidir leo sin a dhéanamh. Cruthóidh seo éagcothromaíocht mór sna scoileanna chomh maith, mar go mbeifear ag iarraidh ar na daoine seo an obair céanna a dhéanamh lena gcomhleacaithe a bhfuil coinníollacha i bhfad níos fábharaí acu. Cruthóidh seo míshuaimhneas mór agus titifdh an caighdeán teagaisc dá bharr’, a deir Ó Clochartaigh.
‘Deireann an Rialtas gurb i an oideachas ceann de na huirlisí is fearr atá againn le teacht amach as an ngéarchéim eacnamaíochta ach cuireann siad sin i mbaol le polasaithe den chineál seo a bhaineann an bonn den tionscal. Bhí Teachtaí agus Seanadoirí ag an gcur i láthair as gach grúpa polaitiúil agus d’aontaigh siad ar fad gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí seo. Beidh Sinn Féin ag féachaint le díospóireachtaí faoi l eith agus bille a rith chun na hathruithe seo a chur ar ceal agus tá súil againn go dtacóidh na hionadaithe tofa eile ar fad linn sa chás seo’, a deir an Seanadóir.
RSS Feed