Speaking today the Galway West – South Mayo Senator says:
‘Concerns have been raised with me about the rollout of this new policy which sees libraries opened on a ‘self-service’ basis after hours. The pilot project which has been run in counties Offaly & Sligo is now to be piloted in Galway in the Ballinasloe and Oranmore libraries.
‘The Local Government Management Agency who are spearheading the initiative and the county council who operate our library services say that this new departure will allow for increased access to the services during unstaffed hours.
‘The ‘Staff Our Libraries’ campaign who are opposed to the development say that they want to keep libraries ‘staffed, safe and open to all’ and that they believe the new approach does not support that.
‘I am organising a public meeting in the Westwood Hotel on Monday the 24th October at 8pm to discuss the matter. I have invited the Local Government Management Agency, Galway County Council and the ‘Staff Our Libraries’ campaign to send representatives. I am also inviting all the public representatives in the area to attend.
‘We hope to be joined by a number of literary figures as well who have voiced their concerns over recent weeks in relation to the future of our libraries.
‘I am asking members of the public and particularly library users who are interested in this issue to join us as well, to inform themselves as to what is being proposed and to make their views known to the relevant people.
‘The one thing we all agree on is that the library services we do have play a really important role in our communities and that anything that can be done to enhance and develop them in a positive way would be welcome’.
_____________________
De bharr imní leanúnach a bheith dhá léiriú maidir le forbairt ‘leabharlanna gan foirne’, tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag eagrú cruinniú poiblí i nGaillimh leis na buntáistí agus mí-bhuntáistí don gcur chuige nua polasaí seo a phlé.
Ag labhairt dó inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Tá imní léirithe liom maidir leis an gcur chuige nua seo ó thaobh seirbhísí leabharlanna di, a d’fhágfadh oscailte iad faoi chóras féin-fhreastal i ndiaidh gnáth uaireanta oscailte. Bhí tionscnamh phíolóta den chineál seo ar bun i gcontaetha Uíbh Fhailí agus Sligeach agus táthar anois chun é a thriail amach i leabharlanna an Uarán Mór agus Béal Átha na Slua, i nGaillimh.
‘Deir an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, atá ag cur an tionscnamh nua seo chun cinn, agus an Chomhairle Chontae a bhíonn ag bainistiú ár seirbhísí leabharlainne go gciallaíonn an fhorbairt seo gur féidir breis rochtain do na leabharlanna a chur ar fáil ag amanna nach mbeidh foireann ag teastáil.
‘Deir urlabhraithe an fheachtas ‘Staff Our Libraries’ atá i gcoinne na h-athruithe seo, go bhfuil siadsan ag iarraidh go gcoinneofar na leabharlanna ‘sábháilte, le baill fóirne I láthair agus oscailte do chách’ rud nach féidir a mhaíomh dar leo, faoin leagan amach nua.
‘Tá mé ag eagrú cruinniú poiblí in Óstán an Westwood i nGaillimh, ag a 8 a chlog ar an Luan 24ú Deireadh Fómhair leis an gceist a phlé. Tá cuireadh tugtha agam d’ionadaithe ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus ón bhfeachtas ‘Staff Our Libraries’ chun freastal ar an gcruinniú. Tá cuireadh dhá thabhairt chomh maith d’ionadaithe tofa na Gaillimhe ar fad.
‘Tá súil agaim go mbeidh pearsain linn chomh maith ó shaol na litríochta, a bhfuil a n-imní léirithe acu le tamall anuas maidir le todhchaí ár leabharlanna poiblí.
‘Tá mé ag iarraidh ar an bpobal, ach go h-áirithe iad siúd a úsáideann na leabharlanna agus a bhfuil suim acu san ábhar seo, freastal ar an gcruinniú le h-eolas a fháil dóibh féin faoina bhfuil beartaithe agus a gcuid tuairimí féin ina leith seo a chur in iúl do na daoine cuí.
‘An t-aon rud a aontaíonn muid ar fad faoi ná an ról tábhachtach atá ag na seirbhísí leabharlainne inár bpobail agus más féidir rud ar bith a dhéanamh le feabhas a chur orthu ar bhealach dearfach go bhfáilteofar roimhe sin’.
RSS Feed