Follows
Small rural schools under attack from FG and Labour – Ó Clochartaigh
‘This Government is attacking small rural schools’,according to Senator Trevor Ó Clochartaigh. ‘Changes being proposed by the Minister for Education could change the supply of educational services in rural areas completely and we need a comprehensive debate on the issues’, says the Galway West Sinn Féin Senator.
‘Parents, teachers and the unions are extremely worried about the proposed cutbacks. But also the radical plans to look at amalgamating one two, three and four teacher schools could have far reaching implications on language
issues, the quality of teaching, transport and budgetary matters to name but a few. Societal factors must be taken into consideration in any changes to educational provision and before they happen a broad debate with all the stakeholders must be entered into to ensure that the best decisions are made’, says the Senator.
’Schools with one to four teachers with less than 86 pupils are to be reviewed, according to new guidelines from the Minister for Education, Ruairí Quinn. These schools are being asked to look at their amalgamation options also. This could mean that up to 90% of Gaeltacht schools could be amalgamated or closed. In the Gaeltacht areas that is 26 schools from 41 in Galway, 21 out of 24 in Mayo, in Donegal 31 from 42, in Waterford 2 from 3, 13 out of 14 in Kerry and three out of six in Cork. That is 96 0ut of 110 Gaeltacht schools in total’, according to Ó Clochartaigh. ‘In county Galway more than half the primary schools would be in this position, 119 out of 232 in total’, he says.
‘This would alter the delivery of primary education in rural Ireland completely and before it is brought in we must look at all the possible implications this would have on pupils, teachers, the community and on societal and economic factors also’, says the Senator. ‘These changes are also coming on top of cuts to capital grants, increased transport costs, cuts in teacher numbers and more. This is an attack on schools from Fine Gael and Labour instead of dealing with wayward bankers and speculators who destroyed our economy and people should not accept it’, says Ó Clochartaigh.
Scoileanna beaga tuaithe faoi ionsaí ag FG & LO – Ó
Clochartaigh
‘Tá scoileanna beaga tuaithe faoi ionsaí ag an Rialtas seo’, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. ‘D’fhéadfadh na h-athruithe atá molta ag an Aire Oideachais an soláthar foghlamtha sna ceantair tuaithe a athrú go h-iomlán má chuirtear i bhfeidhm iad agus ba chóir díospóireacht leathan a thionscnú futhú’, a deir Seanadóir Shinn Féin as Gaillimh Thiar.
‘Tá an-imní ar mhuinteoirí, tuismitheoiri agus na ceardchumainn maidir leis na ciorruithe atá le cur i bhfeidhm. Ach, ina theannta sin tá an comhnascadh atá luaite idir scoileanna aon, dhá, trí agus cheithre oide mar athrú radacach an an gcur chuige reatha agus bheadh impleachtaí móra aige ar cheist na teanga, caighdeán an teagaisc, iompar scoile agus cúrsaí buiséad.
Caithfear cúinsí sóisialta agus pobail a thógáil san áireamh in aon athrú soláthar a dhéantar agus chuige sin ní mhór dísopóireacht leathan a bheith ann leis na rannpháirtithe ar fad chun cinntiú go ndéantar na cinntí cearta’, a deir an Seanadóir.
'Tá athbhreithniú le déanamh ar scoileanna le 1, 2, 3 nó cheithre oide le níos lú na 86 dalta, de réir na moltaí nua atá déanta ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn sa bhuiséad. Táthar ag iarraidh ar na scoileanna beaga féachaint ar dheiseanna comhnascadh chomh maith. Ciallaíonn sin go bhféadfadh 90% de na scoileanna sna ceantair Ghaeltachta a bheith le comhnasacadh, nó le dúnadh. I nGaeltacht na Gaillimhe sin 26 scoil as 41, i nGaeltacht Mhuigh Eo 21 scoil as 24, i dTír Chonaill 31 as 42, i nGaeltacht Phort Láirge 2 as 3 cinn, 13 as 14 i gCiarrai agus 3 as 6 i nGaeltacht Mhúscraí. Sin 96 scoil as 110 sa Ghaeltacht ina iomláine”, a
deir Ó Clochartaigh. ‘I gContae na Gaillimhe bheadh níos mó na leath de scoileanna an chontae sa chás céanna, 119 scoil as 232 ar fad’. dar leis.
‘Chuirfeadh sé seo athrú ó bhonn ar sholáthar an bhunoideachais faoin dtuath agus sula dtarlaíonn sé sin ní mhór dúinn feachaint cé na h-impleachtaí a bheadh aige ar na daltaí, na múinteoirí, ar an bpobal agus ar chuinsí sóisialta agus eacnamaíocha’, a deir an Seanadóir. ‘Tá na hathruithe seo ag teacht sa mhullach ar laghdú sna deontais caipitíochta, ardú ar chostais iompair scoile, laghdú i líon na múinteoirí ‘pre-DEIS’ agus eile’. ‘Is ionsaí fíochmhar é seo ag Fine Gael agus an Lucht Oibre ar scoileanna agus é ag tarlú de bharr mí-iompar na mbancanna agus lucht na h-infheistíochta a rinne scrios ar eacnamaíocht na tíre agus níor choir don phobal glacadh leis’, a deir Ó Clochartaigh.
RSS Feed