Speaking after attending the ‘Living with Dementia in Rural Ireland’ conference in NUIG, the Galway West – South Mayo Senator says:
‘Over 48,000 people in Ireland have been diagnosed with dementia, 10% of those living in the West. The national figure is expected to increase to 150,000 by 2040.
‘A lack of training in the health sector to detect dementia in a timely manner, poor transport & communications infrastructure, a lack of funding and social supports for sufferers and their families and an over dependence on anti-psychotic drugs, particularly in residential settings, were some of issues of concern raised at the conference.
‘Much more emphasis needs to be put on breaking the stigma of dementia, in supporting people to stay in their own homes and to plan for their future from the care, legal and a financial perspectives. The government needs to implement the Assisted Decision Making (Capacity) Act 2015 as well, to fulfill its commitments in this regard.
‘Home care supports and schemes for renovations must be increased, those suffering with the early onset of dementia who are currently ineligible for assistance as they are under 65 years of age must be addressed as well.
‘More support and training needs to be provided for GP’s also to enable the timely detention of Dementia as it can be quite complex and some of the current cognitive tests are not appropriate or conclusive in their findings.
‘Organisations supporting Dementia sufferers, carers and their families are also finding it very hard to keep up with the demand for services and this needs to be kept high on the Government’s agenda as well.
‘This week the Dáil Sinn Féin will be voting on a motion to set up an all-party committee looking at a 10 year strategy for health and it is important that this area is looked at as part of that. In that regard, in the last week my colleague and Sinn Féin Spokesperson on Health Louise O'Reilly TD met with Alzheimer's Ireland to discuss this and how we would work together to progress the issues of concern’.
__________________
Teastaíonn i bhfad níos mó tacaíocht do dhaoine le néaltrú, a dteaghlaigh agus na pobail in Iarthar na hÉireann ina gcónaionn siad, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Ag labhairt dó i ndiaidh freastal ar chomhdháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dar teideal ‘Maireachtáil le Néaltrú faoin dTuath in Éirinn’, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Tá néaltrú ag dul d’ós cionn 48,000 duine in Éirinn, 10% acu sin ina gcónaí san Iarthar. Meastar go n-ardóidh an figiúir náisiúnta go 150,000 faoi 2040.
‘Imeasc na h-ábhair buartha a tugadh aníos ag an gcomhdháil bhí an easpa oiliúna san earnáil sláinte chun an néaltrú a aithint go tráthúil, infreastruchtúr iompar agus cumarsáíde lochtach, easpa acmhainní agus tacaíochtaí sóisialta dóibh siúd atá ag fulaingt agus a gclanna agus an iomarca úsáide a bheith dhá bhaint as drugaí frith-siocóiseacha, go h-áirithe i dtithe altranais.
‘Caithfear i bhfad níos béime a chur ar dhul i ngleic leis an stiogma a bhaineann le néaltrú, ar thacú le daoine fanacht ina dtithe féin agus chun pleanáil dá dtodhchaí féin ó thaobh cúrsaí cúram, dlí agus airgeadais di. Ní mhór don Rialtas seasamh lena gcuid dualgais féin ina leith seo trid forálacha an Achta um Chinnteoireacht Cuidithe 2015, a chur i bhfeidhm ina iomláine.
‘Ní mhór cur leis na tacaíochtaí cúram baile agus athchóirithe tí atá ar fáil, maraon le cuidiú leo siúd a dtagann an néarú orthu go luath agus nach bhfuil incháilithe do thacaíochtaí mar go bhfuil siad faoi 65 bliain d’aois.
‘Caithfear tacaíocht agus oiliúnt bhreise a chur ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh freisin chun cuidiú leo an néarú a aithint in am tráth, mar gur ceist casta atá ann agus níl cuid de na tastálacha coigníochta a úsáidtear feiliúnach ná críochnúil go leor ina gcuid torthaí.
‘Tá brú damanta chomh maith ar eagrais a thacaíonn leo siúd a bhfuil Nearú ag dul dóibh, a gcúramóiri agus a gclanna, ó thaobh an ró-éileamh ar sheirbhísí agus caithfidh an Rialtas níos mó a dhéanamh chun cabhrú leo’.
‘Beidh Sinn Féin ag vótáil sa Dáíl an tseachtain seo chun coiste uile-pháirti a bhunú le straitéis sláinte 10 mbliana a leagan amach agus caithfear an cheist seo a chur san áireamh ansin. Chuige sin, chas mo chomhleacaí agus urlabhraí Sláinte Shinn Féin, Louise O'Reilly TD le Alzheimer's Ireland chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun comhoibriú leis na ceisteanna seo a bhrú chun cinn’ .
RSS Feed