Speaking on a Seanad debate on Fire Safety in Local Authority Provided Traveller Accommodation, he said that the lack of action on the major improvements and repairs that are necessary to avoid another tragedy is unacceptable and needs to be remedied immediately. He also criticised the failure of local authorities to make more real progress also.
The Galway West - South Mayo Senator says:
‘The government makes a great play on allocating money for Traveller accommodation but the cutbacks have been savage. In 2015 for example €4.3m was provided nationally, down from €70m in 2008, but no money was allocated to many local authorities, including Carlow, Cavan, Donegal, Dún Laoghaire-Rathdown, South Dublin, Galway City and County, Laois, Leitrim, Louth and Mayo County Councils. Most of these council areas have long waiting lists for Traveller accommodation.
‘In Galway, we hear a lot of talk, but see very little activity in relation to Traveller accommodation. While I welcome the CENA plan to develop a halting site in the city, when compared with the group housing initiative CENA are developing in Offaly, the project in Galway is progressing very slowly and the City Council’s plan for another halting site appears to have fallen by the wayside completely. Sinn Féin would front-load funding to local authorities to drive these types of projects.
‘While it was great that so many parties apparently adopted a united position in the wake of the Carrickmines tragedy and that the Fire Safety report has been published, there is a need to match rhetoric with action. This means confronting those who hold anti-Traveller bias in council chambers at local authority level and in the community. Nothing will change unless it is made known to these people that they can no longer block progress in this regard and the government must show more leadership in this regard’.
_________________
An t-aon oidhreacht oiriúnach d’íospartaigh Charraig Mhaoinis ná go gcuirfeadh an Rialtas cóiríocht feiliúnach ar fáil do phobal an lucht siúil, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Ag labhairt dó le linn diospóireacht Seanaid ar Shabháilteacht Dóiteáin i gCóiríocht don Lucht Siúil ó na hÚdaráis Áitiúla, deir sé go gcaithfear an easpa gníomhaíochta maidir leis na feabhsúacháín mhóra agus athchóiriú a theastaíonn le tragoid eile a sheachaint a cheartú láithreach. Cháin sé freisin an easpa dul chun cinn ceart ó na h-údaráis áitiúla ina leith seo chomh maith.
Deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Déanann an Rialtas scéal mór den maoiniu a chuirtear ar fáil do chóiríocht don Lucht Siúil ach tá ciorruithe damanta déanta. I 2015 mar shampla, cuireadh €4.3m ar fáil go náisiúnta, síos ó €70m i 2008, ach níor cuireadh leath phingin rua ar fáil don cineál seo cóiríochta do chuid mhaith comhairlí, ina measc Ceatharlach, an Chábhán, Tír Chonaill, Dún Laoghaire – Ráth an Dúin, BÁC Theas, Cathair & Contae na Gaillimhe, Laois, Liatroim, an Lú agus Comhairle Chontae Maigh Eo.
‘Cloiseann muid cuid mhaith cainte i nGaillimh freisin, ach is beag a dhéantar maidir le cóiríocht don Lucht Siúil. Cé go bhfáiltím roimh tionscnamh cosúil le CENA chun láithreáin stad a fhorbairt sa gcathair, is beag dul chun cinn atá déanta i gcomparáid le togra atá acu in Uibh Fhaili le grúpscéim tithíochta a bhunú. Is cosúil chomh maith, go bhfuil pleananna na Comhairle Cathrach féin chun láthair stad eile a thógáil ina steig meig freisin. Chuirfeadh Sinn Féin airgead ar fáil chun tosaigh do na h-údaráis áitiúla le dlús a chur leis na forbairtí seo.
‘Cé go raibh sé iontach gur cosúil gur aontaigh na páirtithe éagsúla ar seasamh comónta mar thoradh ar thragóid Charraig Mhaoinis agus go bhfuil an tuarascáil ar Shábháilteacht Dóiteáin foilsithe anois, tá gá le beart de réir na briathra. Ciallaíonn sé seo dúshlán an dream atá claonta i gcoinne baill den Lucht Siúil ag leibhéal na n-údaráis áitiúla agus sna pobail a thabhairt. Ní athróidh tada muna gcuirtear ar a súile don dream seo nach féidir leo bac a chur ar an dul chun cinn níos faide agus caithfidh an Rialtas ceannródaíocht a léiriú maidir leis na ceisteanna seo’.
RSS Feed