‘The ESRI have issued a critique of the budget which clearly shows that the measures included in it adversely affect the lower and middle income sectors of society substantially more than higher earners. In other words the Government has chosen once again to hammer the less well off and vulnerable in society rather than those who can afford to shoulder more of the burden. The Government clearly had choices in the run up to the Budget, they could have brought in a wealth tax, a third rate of income tax for higher
earners, or cut pay and perks at the top levels of public service but they chose not to do so’, according to the Galway West Senator.
‘The Government approach to the Social Welfare Bill in the Seanad this week was nothing short of appalling, using technicalities in procedures to dodge any meaningful detailed discussion on the cuts to respite care, children’s allowance, jobseekers benefit and the rest. Minister Joan Burton skirted around the issues in long and waffly answers which didn’t address the genuine issues opposition, University and Senators nominated by the Taoiseach wished to discuss. It was a shameful performance’, says Ó Clochartaigh.
Galway Government TDs and Senators – Seán Kyne, Brian Walsh, Derek Nolan, Fidelma Healy-Eames, Lorraine Higgins and Michael Mullins - who voted for these Social Welfare cuts and the Family Home tax should be hanging their heads in shame this Christmas after attacking the less well-off and some of the most vulnerable sectors in Irish society by voting for these measures which made up one of the harshest budgets in living memory’, according to the Sinn Fein Senator.
‘At the same time we still haven’t seen a deal on the bank debt, no rogue bankers behind bars and no real measures to create sustainable employment or stimulate the economy. This budget is a disaster for those on Social Welfare, for carers and their dependents, those in negative equity and struggling to make ends meet. The Government should be utterly ashamed of their performance in this regard’,says Trevor Ó Clochartaigh.
______________________
Dúirt Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí na Gaillimhe a thug tacaíocht don Bhille Leasa Shóisialaigh ag cur pionós orthu siúd atá sa mheánaicme agus gnáthoibrithe na tíre agus iad ag íoc as peacaí na mbaincéirí.
D’eisigh an Institiúd Taighde Eacnamíochta agus Sóisialta léirmheas ar an mbuiséad a léiríonn go soiléir an tionchar níos diúltaigh a bheidh orthu siúd in sna bandaí íseal agus an meánioncaim sa tsochaí. Beidh impleachtaí i bhfad níos measa do na daoine seo ná ar dhaoine a shaothraíonn pá i bhfad níos mó. I bhfocail eile, tá an Rialtas tar éis teacht amach leis an gcasúr arís agus iad ag bualadh na ndaoine nach bhfuil tada eile fágtha acu le tabhairt, in ionad iad siúd atá níos ábalta an t-ualach a sheasamh. Bhí roghanna ag an Rialtas sa tréimhse suas chomh fada le aimsir an Bhuiséad. D'fhéadfadh siad cáin rachmais a bheith tugtha isteach acu, an tríú cánach i gcásanna ioncaim ard, nó gearradh pá agus gearradh peorcaisí dóibh siúd sa tseirbhís poiblí atá ar leibhéal ard, ach roghnaigh siad gan é seo a dhéanamh', dar le Seanadóir Ghaillimh Thiar.
'Bhí an cur chuige a bhí ag an Rialtais maidir leis an mBille Leasa Shóisialaigh sa tSeanad an tseachtain seo uafásach. Ní raibh siad ag iarraidh aon phlé fhiúntach a dhéanamh ar na mionsonraithe a bhaineann le ciorruithe a cuireadh ar chúram faoisimh, liúntas leanaí, sochar lucht cuardaigh fostaíochta agus eile. Ní dheachaigh an tAire Joan Burton i ngleic leis na saincheisteanna a chur an fhreasúra uirthi ar chor ar bith. Bhí ceisteanna curtha ag Seanadóirí ón Fhreasúra, lucht na hOllscoileanna agus iad sin atá ainmnithe ag an Taoiseach chun plé a dhéanamh orthu ach is ag caint san aer a bhí sí. Bhí a cuid cleasaíochta náireach', a deir Ó Clochartaigh.
Vótáil Teachtaí Dála agus Seanadóirí Rialtais na Gaillimhe - Seán Kyne, Brian Walsh, Derek Nolan, Fidelma Healy-Eames, Lorraine Higgins agus Michael Mullins ar son ciorruithe ar Leasa Shóisialaigh agus votáil siad ar son an Cháin Teaghlaigh. Ba chóir go mbeadh siad ag ísliú a gcloigne le teann náire an Nollaig seo tar éis ionsaí mar seo a dhéanamh ar na hearnálacha is leochailí i sochaí na hÉireann agus ar dhaoine nach bhfuil go maith as. Seo ceann de na buiséid is measa a tháinig chun cinn le cuimhne na ndaoine ’, de réir Seanadóir Shinn Féin.
‘Níl faoiseamh faighte againn maidir le fiacha na mbainc, níl aon duine de na baincéirí bradacha curtha i bpríosún, níl aon bhearta dáiríre tosaithe ar mhaithe le fostaíocht inbhuanaithe a chruthú agus níl aon rud déanta chun an geilleagar a spreagadh. Is buiséad anachaine atá ann dóibh siúd ar Leasa Shóisialaigh, do chúramóirí agus dá gcleithiúnaithe, dhóibh siúd i gcothromais diúltach agus iad ag iarraidh a bheith ag streachailt leo. Ba cheart don Rialtas náire a bheith orthu maidir lena gcuid iompar sa gcás seo’, a dúirt Trevor Ó Clochartaigh.
RSS Feed