D’iarr Ó Clochartaigh i gceist scríofa, 'Go gcuirfidh an tAire Dlí, Comhionannas& Cosanta, liosta iomlán de na hAchtanna
agus Ionstraim reachtúla atá fós le foilsiú i nGaeilge ar fáil, léargas ar an amscála atá i gceist chun iad a fhoilsiú i nGaeilge agus líon na gcásanna a caitheadh amach as na cúirteanna le cúig bliana anuas mar nach raibh leagan Gaeilge de na bun Achtanna le fáil'.
‘Ráíméis iomlán a bhí mar fhreagra ag an Aire Stáit’, dar leis an gClochartach. ‘Nuair a chuir mé in iúl don Aire nach raibh an ceist freagraithe beag ná mór aige, ní raibh sé ábalta eolas breise a thabhairt dom faoi – rud a léiríonn dom nach bhfuil tuairim dá laghad ag an Rialtas faoi líon na nAchtanna atá fós le n-aistriú, sin nó go bhfuil siad ag ceilt an eolas ar an bpobal.’
‘Is ceist iontach tromchúiseach atá anseo. Tuigtear dom go dtugtar dúshlán i gcásanna cúirte ar an mbunús nach bhfuil leagan Gaeilge den reachtaíocht ar fáil agus caitear cuid mhaith casanna amach ar an mbunús sin. Bhí duine ag bagairt dúshlán a thógáil i gcoinne an Muirear Teaghlaigh ar an mbunús sin. Cé mhéad cás eile atá oscailte don chineál seo cosaint de bharr go bhfuil faillí dhá dhéanamh ag an Rialtas?’, a deir Ó Clochartaigh. ‘D’fhéadfaí na milte daoine a scaoileadh ó chiontú de bharr an slamchúiseacht seo agus níl sé sin sách maith. Duirt mé leis an Aire go mbéinn ag súil go dtiocfadh sé ar ais leis an eolas chugam arís’.
‘Is léiriú eile é seo ar chomh diúltach is atá an Rialtas seo don Ghaeilge, dar liom’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tamall de mhíonna ó shoin fuair an tAire Shatter réidh leis an dualgas chun reachtaíocht a chomhfhoilsiú i nGaeilge & i mBéarla agus duirt mé ag an am go bhféadfadh sin fadhbanna a chruthú cosúil leis seo. Ní amháin go bhfuil a gcearta dhá shéanadh ar phobal na Gaeilge ach tá an Stát dhá fhágáil oscailte do na mílte dhúshlán cúirte ó dhaoine a bhainfeadh mí-úsáid as an gcliseadh seo, ar phointe teicniuil agus tá sé sin scannallach.’
‘Beidh mé ag lorg soiléiriú ar an gceist seo chomh luath agus is feidir agus scríobhfaidh mé chuig gach Aire más gá le fáil amach cén reachtaíocht nach bhfuil aistrithego foill ag gach Roinn’, a deir Ó Clochartaigh
‘Caithfidh siad acmhainní a chuir ar fáil ansin leis an obair seo a chuir i gcrích mar is ceart agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge sa Stát seo’ dar le Seanadoir Ghaillimh Thiar.
RSS Feed