‘Díol suntais is ea é go ndúirt Cathaoirleach na Samaratánaigh, Pio Fenton ag an seoladh inniu, go bhfuil duine as gach seisear ag dul i dteagmháil leo de bharr deacrachtaí atá acu mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíochta’, a deir Seanadóir Ghaillimh Thiar.
‘Ní féidir dothain moladh a thabhairt don 1400 duine iontach, dúthrachtach deonaithe a thugann ar an meán 15 uair a chloig sa mhí le n-éisteacht le daoine a bhfuil cabhair ag teastáíl uathu. Tá ós cionn 100 acu seo ag feidhmiú i nGaillimh ón mbliain 1976. Shocraigh mé inniú freisin bualadh arís le ionadaithe bráinse na Gaillimhe den eagraíocht go luath san athbhliain, féachaint cén tacaíocht breise gur féidir linne mar bhaill tofa tabhairt dóibh chomh maith’, a deir Seanadóir Shinn Féin.
‘Tá sé tábhachtach ag an am seo den bhliain smaoineamh ar an obair iontach a dhéanann na daoine seo gach lá, gach uair a chloig den lá. Agus is mór an tacaíocht é do dhaoine amuigh ansin, cuma cé chomh dona is atá cúrsaí acu an Nollaig seo, gur féidir leo cluas éisteachta a fháil nach ndéanfaidh breithiúnas orthu agus a chuideoidh leo faoiseamh a fháil ar an ngéarchéim ina bhfuil siad. Níl ar dhaoine ach glaoch ar an line cabhrach nó dul i dteagmháil leo tríd glaoch ar an líne cabhrach ag 1850 609090 nó dul chuig an suiomh www.samaritans.ie agus ba chóir dóibh sin a dheanamh seachas fulaingt leo féin’, a deir Trevor Ó Clochartaigh.
Bhí Seanadóir Ghaillimh Thiar ag labhairt sa Seanad tar éis seoladh tuairisc bhliaintúil na Samaratánaigh do 2011/12 I mBaile Átha Cliath agus d’iarr sé diospóireacht ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine atá ag baint leasa as seirbhísí den chineál seo.
RSS Feed