Speaking after proposing amendments to improve the bill, the Galway West- South Mayo Senator says:
‘Galway was badly let down by the government in this bill. We in Sinn Féin tried to introduce measures to address spiralling rents and homelessness, which the government, aided and abetted by Fianna Fáil, stymied.
‘We again tried to introduce rent certainty measures, which would link rent increases to the consumer price index and these were opposed. We tried to have Galway included in the ‘rent pressure’ zones but this was turned down as well.
‘We also tried to introduce more certainty of tenure for tenants who find themselves in the clutches of the vulture funds or receivers when landlords get into financial trouble, but this was blocked as well.
‘The government actually came back from the Dáil having reversed progressive measures we had introduced in the Seanad in relation to these issues and Fianna Fáil failed to stand up to them.
‘It is very clear to me that the Fine Gael and Fianna Fáil agenda is heavily weighted in favour of landlords and big business. The measures introduced in the bill will guarantee rent hikes of 12% and more over the next three years.
‘More people will find themselves being forced out of their homes and into homelessness a result. And the levels of social housing being built will be nowhere near enough to meet the demand.
‘This is a daunting reality for families facing into Christmas and a New Year of great uncertainty.
‘Fine Gael and Fianna Fáil TDs should be hanging their heads in shame this Christmas’.
__________________
Is beag an mhaith a dhéanfaidh an Bille Pleanála & Tithíochta, a chuir an Rialtas tríd an Seanad inné, chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta agus easpa dídine i nGaillimh, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Ag labhairt dó i ndiaidh leasuithe chun an bille a fheabhsú a mholadh, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Lig an Rialtas Gaillimh síos go dona leis an bhille seo. Rinne muidne i Sinn Féin iarracht leasuithe a thabhairt isteach chun dul i ngleic le cíosanna atá ag ardú gan staonadh agus cúrsaí easpa dídine, ar chuir an rialtas - le cabhair agus cúnamh ó Fhianna Fáil - bac leo.
‘Rinne muid iarracht arís eile cinnteacht cíosa a thabhairt isteach a cheanglódh arduithe cíosa leis an innéacs praghasanna tomhaltóra agus chuir siad ina aghaidh. D’iarr muid go gcuirfí Gaillimh san áireamh sna limistéir ‘Brú Cíosa’ agus dhiúltaigh siad dó seo freisin.
‘Thriail muid níos mó cinnteacht ó thaobh conraí cíosa a fháil do thionóntaithe a thagann faoi smacht na gcreachchistí agus na glacadóirí nuair a bhíonn na h-úinéirí i dtrioblóid airgeadais, ach cuireadh bac ar seo chomh maith.
‘Go deimhin, d’fhill an Rialtas ón Dáil agus cuid de na leasuithe dearfacha a bhí déanta sa Seanad roimhe sin cealaithe acu agus níor sheas Fianna Fáíl an fód mar gheall ar seo.
‘Tá sé ríshoiléir domsa go bhfuil cur chuige Fine Gael agus Fianna Fáil claonta go mór ar son na dtiarnaí talúna agus lucht gnó ollmhóra. Cinnteoidh na forálacha a thug siad isteach go mbeidh arduithe cíosa de 12% agus níos mó ann as seo go ceann trí bliana.
‘Díbreofar níos mó daoine as a gcuid tithe agus beidh siad gan dídean dhá bharr freisin, dar liom. Agus, ní bheidh baol ar a ndothain tithe sóisialta dhá thogáíl le freastal ar an éileamh ollmhór atá ann.
‘Seo an staid duairc atá roimh teaghlaigh is muid ag druidim leis an Nollaig agus Bliain Nua lán de neamhchinnteacht dóibh.
‘Go deimhin, ba chóir go mbeadh Seanadóirí & Teachtaí Dala Fine Gael agus Fianna Fáil ag claonadh a gcinn le náire an Nollaig seo’.
RSS Feed