Speaking from Toronto, where he took part in a series of events this weekend, the Galway West – South Mayo Senator says:
‘It is clear that the initial rush of emigration due to the impacts of austerity policies in Ireland is now slowing and Irish emigrants in the main here in Canada are looking to extend their stay, many of them on a permanent basis.
‘I spoke with Cathy Murphy of the Irish Canadian Immigration Centre and other people working in this area who tell me that many people are having difficulties after their initial two year visas run out as they were poorly advised in their initial applications which is now restricting them in the type of work they are eligible to do.
‘We are also in danger of losing this incredible pool of highly talented and well educated young Irish people for good, as the challenges facing them returning to Ireland outweigh the advantages of staying in Canada.
‘Not only are the working conditions more favourable here, but the barriers to returning such as finding suitable housing, school places for their children, setting up bank accounts and getting insurance at reasonable rates are all acting as a deterrent to emigrants who want to return. The Irish government are doing little if anything to respond to these issues.
‘The Irish community here is very active and I was delighted to give the keynote address at the Friends of Sinn Féin 35th Hunger Strike Commemoration in Toronto. We heard of the incredible support given to the hunger strikers by the Irish and Canadian community here at that time of huge upheaval in the Republican struggle. We also recommitted to delivering on the vision of the leaders of the 1916 Rising, to work to deliver on the promise of a true republic in a United Ireland which genuinely ‘cherishes all the children of the nation equally’.
‘I also briefed government MP, Adam Vaughan, on the political situation in Ireland, as part of Sinn Féin’s ongoing efforts to encourage continued Canadian support for peace and reconciliation initiatives in Ireland, as well as developing further opportunities to allow our two countries to work more closely together.
‘I am also calling on the government to deliver on its pledge to give voting rights in Presidential elections to Irish citizens abroad. I am asking the Minister for the Diaspora, Joe McHugh to stop dragging his heels on this and to outline how the government propose that will be done.
‘This would be a small, but significant step forward in recognising the important role our Irish emigrants play in the future of our country’.
___________________
Caithfidh an Rialtas gníomhú níos tapúla chun dul i ngleic leis na h-athruithe atá ag teacht ar chúrsaí imirce agus tacaíocht níos feiliúnaí a thabhairt d’Éireannaigh thar sáile, dar le Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra.
Ag labhairt dó as Toronto, áit ar ghlac sé páirt i sraith d’imeachtaí éagsúla an deirea seachtaine seo, deir Seanadoir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Tá sé soiléir go bhfuil an fuadar imirce a tharla i dtús aimsire de bharr cúrsaí déine in Éirinn ag moilliú agus go bhfuil na h-inimiricigh Éireannacha i gCeanada a bheag nó a mhór ag iarraidh fanacht anseo níos faide, nó go buan.
‘Labhair mé le Cathy Murphy ó Ionad Cheanadach na n-Inimirceach Éireannach agus daoine eile a oibríonn sa réimse seo a deir go bhfuil deacrachtaí sonracha anois ag an dream a bhfuil a gcuid víosaí dhá bhliain ag rith amach, mar de bharr droch chomhairle maidir lena gcuid bun-iarratais tá srianta anois orthu ar an gcineál oibre gur féidir leo cur isteach air.
‘Tá baol ollmhór freisin ann go gcaillfidh muid an ghlúin d’Éireannaigh cumasacha, deá-cháílithe seo mar gur mó go mór na dúshláin a bheadh rompu dá bhfillidfís ar Éireann, ná na buntáistí atá ann má fhanann siad i gCeanada.
‘Ní amhain go bhfuil na coinníollacha oibre níos fearr anseo, ach tá na constaicí a bhaineann le filleadh, ar nós rochtain ar thithíocht feiliúnach, áiteanna scoile dá bpáistí, cuntais bainc a oscailt agus costais ollmhóra árachais ag cur fainic ar imiricgh atá ag iarraidh teacht abhaile. Is beag, más tada, atá an Rialtas ag déanamh leis na constaicí seo a shárú.
‘Tá pobal Gaelach fíor-ghniomhach anseo agus bhí ríméad orm gur iarradh orm an phríomh-óráíd a thabhairt ag an 35ú Comóradh ag Sinn Féin ar na Stailceanna Ocrais anseo i Toronto. Chuala muid faoin tacaíocht dochreidte a thug na pobail Éireannach agus Ceanadach anseo in am sin an ghátair sa streachailt poblachtach. Rinne muid athdhearbhú ar an ngeallúint go ndíreoidh muid ar fhís Ceannairí an Éirí Amach chun fíor phoblacht a fhíorú mar chuid d’Éire Aontaithe ina dtabharfar an ‘urraim chéanna do chuile pháiste’ inti.
‘Thug mé léargas chomh maith, mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha Shinn Féín chun síochán agus athmhuintearas a chur chun cinn, d’Fheisire Parlaiminte de chuid an Rialtas Liobrálach, Adam Vaughan, chomh maith le labhairt leis faoi na deiseanna eile comhoibrithe atá ann chun deiseanna nua a fhorbairt idir an dá thír.
‘Tá mé ag iarraidh ar an Rialtas anois freisin beart a dhéanamh de réir briathar maidir lena ngeallúint chun vóta a thabhairt do shaoránaithe na hÉireann thar lear i dtoghchán na h-uachtaránachta. Tá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit do chúraimí Diaspóra, Joe McHugh beagán sodar a chur faoi chúrsaí agus míniú dúinn cén chaoi an bhfuil sé i gceist an sprioc seo a chur i gcrích.
‘Céim bheag, ach céim thábhachtach a bheadh anseo chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá le n-imirt ag ár gcuid imircigh ó thaobh todhchaí ár dtír’.
RSS Feed