Speaking today the Sinn Féin Senator says:
‘The traffic gridlock in Parkmore is totally unacceptable. I am calling on the Chief Superintendent and the City Manager to agree to operate the Traffic Management Control Centre in City Hall at peak times so that they can try and alleviate some of the pressure on commuters.
‘I have discussed this with our Sinn Féin City Councillors Cathal Ó Conchúir, Mairéad Farrell and Anna Marley, who inform me that this has been done in the past, for events like the Galway Races.
‘The Traffic Control Centre was put in place to allow the synchronisation and manipulation of the traffic lights system across the city to ease traffic blockages. I think this centre should have the relevant personnel made available to operate it on a fulltime basis, but in the meantime at least temporary arrangements should be looked at between City Council and the Gárdaí to try and ease the Parkmore gridlock which is crippling peaktime traffic and seriously affecting commuters.
‘I have written to the City Manager and the Chief Superintendent asking them to look at this option as soon as possible’.
_________________
Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Garda Siochána comhoibriú chun bainistiú a dhéanamh ar an Aonad Stiúrtha Tráchta i Halla na Cathrach, féachaint leis an tranglam tráchta ag an bPáirc Móir a mhaolú.
Ag labhairt dó inniu deir Seanadóir Shinn Féin:
‘Ní féidir le daoine cur suas leis an mbrú tráchta ag an bPáirc Móir a thuilleadh. Tá mé ag impí ar an bPríomh Cheannfort agus Bainisteoir na Cathrach aontú ar chóras chun an tAonad Stiúrtha Tráchta i Halla na Cathrach a fheidhmiú ag na h-amanna is mó trachta, chun an brú ar an bpobal a laghdú.
‘Tá sé seo pléite agam le Comhairleoirí Cathrach Shinn Féin, Cathal Ó Conchuir, Mairéad Farrell agus Anna Marley, a deireann liom gur cuireadh socruithe dá leithéad i bhfeidhm cheana d’ócáidí ar nós Rasaí na Gaillimhe.
‘Cuireadh an tAonad Stiúrtha Tráchta in áit chun go bhféadfaí smacht agus comhordnú a dhéanamh ar na soilse tráchta ar fud na cathrach le brú trachta a sheachaint. Measaim féin gur chóir go mbeadh dothain foirne curtha ar fáil leis an aonad a rith go lánaimseartha, ach sa gearrthréimhse ba chóir socruithe sealadacha a chur in áit, idir an Chomhairle Cathrach agus An Garda Síochána chun an tranglam tráchta is troime, atá ag cur isteach go mór ar an lucht taisteal, a mhaolú.
‘Tá scríofa agam chuig an bPríomh Cheannfort agus Bainisteoir na Cathrach ag iarraidh orthu féachaint ar an moladh seo chomh luath agus is féidir’.
RSS Feed