The Galway West – South Mayo Senator says:
‘I called on the Gardaí and City Council last week to address the use of the Traffic Control Unit in City Council to ease the peaktime congestion at the Briarhill junction and other exits from Parkmore. I have been contacted by Superintendent Marie Skehill who has informed me that she has been in further negotiations with the companies in Parkmore and City Council officials in recent days.
‘She tells me that progress has been made to put arrangements in place that should ease the flow of traffic.
‘Superintendent Skehill said that at the moment she isn’t planning to suspend the traffic lights and put Gardaí on point duty at junctions, as is done at other times such as the Galway Races. She said however, that increased monitoring of traffic through the control centre in City Hall is being undertaken by City Council officials.
‘I hope that these measures will have a short term, positive effect on the gridlock people have been experiencing. A review of traffic flow throughout the city should be as part of a a long term integrated strategy traffic strategy to resolve the chaos which commuters in Galway have suffered for many years now and which successive Governments have failed to address’.
_________________
Tá fáilte curtha ag Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala go bhfuil iarrachtaí nua ar bun ag An nGarda Síochána chun an brú tráchta ó Eastát Tionsclaíochta na Páirce Moire in Gaillimh a mhaolú.
Deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘An tseachtain seo caite d’iarr mé ar na Gardaí agus an Chomhairle Cathrach breis foirne a chur ar fáil san Aonad Stiúrtha Tráchta i Halla na Cathrach chun an tranglam tráchta ón bPáirc Móir ag na h-amanna is gnóthaí a laghdú. Bhí an Ceannfort Marie Skehill i dteagmháil liom maidir leis seo agus chur sí in iul dom go bhfuil comhráití breise tionscnaithe le cúpla lá anuas leis na comhlachtaí ar an bPáirc Móir agus feidhmeannaigh na Comhairle Cathrach.
‘Deir sí liom go bhfuil dul chun cinn déanta chun socruithe a chur in áit a chinnteoidh sruth níos fearr tráchta sa gceantar.
‘Deir sí freisin nach bhfuil i gceist aici ag an bpointe seo na soilse tráchta a chasadh as agus Gardaí a chur ar dhualgas ag ceann na mbóithre, mar a dhéantar ag amanna eile cosúil le h-aimsir na rásaí. Deir sí áfach, go bhfuil monatóireacht bhreise dhá dhéanamh tríd an aonad stiúrtha tráchta ag Halla na Cathrach ag feidhmeannaigh na Comhairle Cathrach.
‘Tá súil agam go mbeidh tionchar dearfach go luath ag na céimeanna seo ar an tranglam tráchta atá dhá fhulaingt ag daoine atá ag taisteal. Ba chóir staidéar nua, cuimsitheach a dhéanamh ar na pátrúin tráchta ar fud na cathrach mar chuid de straitéis chuimsitheach, comhtháite iompar don chathair, a leigheasódh an chíorthuathail tráchta a mbíonn pobal na Gaillimhe sáinnithe ann le blianta fada agus ar theip ar Rialtais éagsula dul i ngleic leis’.
RSS Feed