Speaking today the Galway West – South Mayo Senator says:
‘I have received complaints from a number of residents in Doon East about ongoing issues with the development of the Galway Windpark in the Doon East.
‘There appear to be very serious health and safety concerns on an ongoing basis which need to be addressed as a matter of urgency.
‘I have written to Galway County Council to clarify what is being done to ensure that the developers are complying with the planning permission that they have received? Are they being monitored and if so how is that being done?
‘The very high levels of dust on an ongoing basis are a big issue. I am being told of children who are becoming quite ill, being put on antibiotics, inhalers and steroids. The parents believe this is due to the unacceptable levels of dust from the development and the traffic servicing it
‘People are becoming prisoners in their own homes at times when the level of dust is so high that they and their children cannot leave their houses for hours on end.
‘The traffic to and from the site is also causing a lot of concern. The speed at which vehicles are travelling, the level of material spilling out of the trucks and becoming airborne, the numbers of vehicles coming and going are all making life incredibly difficult for local residents.
‘It also appears that there is quite an amount of traffic coming to and from the site at off peak times, which is affecting residents and their children whilst sleeping.
‘I am meeting local residents to collect the evidence supporting the issues they are highlighting and we will be talking to doctors in the area for their feedback as well. There are genuine fears for the longer term impacts of this development on peoples’ health.
‘I have requested a meeting with the developers and another with the relevant personnel from Galway County Council planning department who have jurisdiction in this area to see what can be done to alleviate the discomfort being caused for people as a direct result of the windfarm development’.
___________________________
Tá sé ráite ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil an-imní air maidir leis na h-impleachtaí atá ag an obair fhorbartha ar Pháirc Gaoithe na Gaillimhe ar shláintean phobail go h-áitiúil agus caithfear aghaidh a thabhairt orthu láithreach.
Ag labhairt dó inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:
‘Tá gearáin faighte agam ó roinnt daoine sa bpobal áitiúil maidir le deacrachtai leanúnacha le forbairt Feirm Gaoithe na Gaillimhe sa Dún Thoir.
‘Is cosúil go bhfuil imní dáiríre ann ó thaobh sláinte & sábháílteacht de leis an dtogra ar bhonn leanúnach go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar phráinne.
‘Tá scríofa agam chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe chun soiléiriú a lorg faoi céard atá dhá dhéanamh chun cinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an gcead pleanála atá faighte acu? An bhfuil monatóireacht dhá dhéanamh air agus má tá cén chaoi an bhfuil sé sin ag tarlú?
‘Tá fadhb mór leis na leibhéalacha arda dusta ar bhonn leanúnach. Táthar ag rá liom go bhfuil páistí ag fáil tinn go maith, dhá chur ar antaibheathaigh, ar análóirí agus ar stéaróidigh. Tá tuismitheoirí den dtuairim go bhfuil sé seo ag tarlú mar thoradh ar na leibhéalacha ró-ard dusta ón bhforbairt agus ón trácht atá ag soláthar ábhar dó.
‘Táthar ag déanamh príosúnaithe ina dtithe feín do dhaoine ag amanna nuair a bhíonn leibhéal doghlactha dusta ann agus ní féidir le páistí dul amach as a dtithe go tráthrialta ar feadh uaireanta a chloig dá bharr seo.
‘Tá an trácht ata ag freastal ar an suíomh ina ábhar imní chomh maith. Tá clabhsán dhá dhéanamh maidir leis an luas ag a bhfuil na trucail ag tiomáint, an méid ábhar atá ag sceitheadh ó na feithicli agus ag dul amach san aer, líon na feithiclí atá ann agus tá sé seo ar fad ag cur as go mór do mhuintir na h-áite.
‘Is cosúil chomh maith go bhfuil riar-mhaith tráchta ag teacht agus ag imeacht ón suíomh ag amanna neamhrialta go moch agus go mall agus tá sé sin ag cur as do pháistí agus iad ag codladh.
‘Tá mé chun bualadh le muintir na h-áite leis an bhfianaise atá acu ar na h-ábhair seo a chur i dtoll a chéile agus beidh muid ag lorg faisnéis ó dhochtúirí sa gceantar chomh maith. Tá imní dáiríre ann go bhféadfaí dochar fadtéarmach a dhéanamh do shláinte muintir na h-áite mar gheall ar seo.
‘Tá cruinniú iarrtha agam leis na forbróirí agus cruinniú eile leis na h-oifigigh cuí i rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bhfuil freagracht acu don réimse seo, féachaint le faoiseamh a fháil ar an míchompord atá cruthaithe do mhuintir na h-áite de bharr forbairt na feirme gaoithe seo’.
RSS Feed