Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh. Ag eascairt as na ciorruithe atá curtha i bhfeidhm do thuismitheoirí aonair ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton, ceisteanna faoin soláthar seirbhísí cúram leanaí, scéalta sna meáin maidir le mí-úsáid páistí, ráitis ó Ombudsman na Leanaí agus eile tá sé ríthabhachtach go bpléifí an chaoi a bhfuil muid ag tabhairt aire dár bpáistí agus cén fhorbairt is gá a dhéanamh ar an earnáil chun freastal cui a dhéanamh orthu.
Fáiltíonn Seanadóir Ghaillimh Thiar roimh bunú an Grúpa Saineolach Luathbhlianta atá chun comhairle a chuir ar an Aire Frances Fitzgerald faoi na reimsí seo, ach tá sé nótáílte aige nach bhfuil aon ionadaíocht ó earnáil reamhscolaíocht na Gaeilge ná Gaeltachta ina measc. ‘Is mór an trua seo’, a deir Ó Clochartaigh, ‘tá cuid mhór saineolas ar na riachtanais faoi leith atá ann maidir le luathoideachas tré mheán na Gaeilge ag Forbairt Naíonraí Teo., Comhar Naíonraí na Gaeltachta, sna Coisti Cúram Leanaí agus grúpa eile nach iad, ach níl áit acu sin ar an bhfóram seo.’
‘Tá seo tábhachtach d’fhorbairt na bpáistí le Gaeilge, ach freisin tá sé ríthábhachtach i gcomhthéacs cur I bhfeidhm éifeachtach an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge agus ba choir go mbeadh inchur ag na grúpaí seo san obair fhorbartha’, dar leis.
‘Freisin, tá cuid mhaith saineolas sa Seanad faoi na réimsí seo chomh maith agus sin an fáth a bhfuilim ag lorg díospóireacht faoin ábhar agus áthas orm go bhfuil an Rialtas sásta seo a thionóil, chun fís an Rialtais seo maidir leis an Straitéis Luathbhlianta a scagadh agus moltaí dearfacha a dhéanamh ina leith’, a deir Trevor Ó Clochartaigh
RSS Feed