Bhí urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge agus Gnóthaí Gaeltachta ag labhairt tar éis foilsiú tuairisc bhliaintiúil an Choimisinéir Teanga inniu, a léirigh easpa gníomhaíochta maidir le scéimeanna teanga na n-eagras agus ranna Stáit.
“Deir an Choimisinéir inniu nach ‘sár bhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i Státchóras na tíre.’ Is breith tromchúiseach é sin ar an Rialtas, dar liom' a deir Ó Clochartaigh.
'Is léir go bhfuil neamhaird dhá dhéanamh go praitriciúil ag an Rialtas agus an Stát maidir le cuid mhaith gnéithe d'fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla', de réir Seanadóir Ghaillimh Thiar.
'Ní fiú trácht ar a bhfuil dhá dhéanamh ó thaobh daingniú scéimeanna teanga, níl puinn aird a thabhairt orthu agus is
mór an náire d'Aire Stáit na Gaeltachta é sin', a deir Ó Clochartaigh.
'Deir an Coimisinéir ina thuairisc, 'Cé go bhfuil rabhaidh rialta á dtabhairt agam ar an ábhar seo le blianta, is mór é m’imní gur cosúil go bhfuil teipthe tríd is tríd anois ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga a bheith curtha ar aon bhonn fónta nó seasmhach', Is líomhain tromchúiseach
é sin le cur i leith an Stáit, ach is deacair easaontú leis', a deir an Seanadóir.
'Tugann an tuairisc go leor samplaí don bhfaillí Rialtais
seo. Don cheád uair riamh i mbliana, deir an Coimisinéir gur leasaíodh scéim teanga de chuid Roinn Stáit, le dualgas a bhí daingnithe ann a chealú ar fad, nuair a rinne duine den phobal gearán nach raibh an dualgas sin dhá chomhlíonadh. Rud simplí a bheadh i gceist le ceartú, gan costas ar bith gur fiú trácht air, ach thug Roinn na Gaeltachta cead don Roinn Dlí, Comhionannas agus Cosanta, droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge seachas an moladh a chuir i bhfeidhm agus is céim mhór ar gcúl é sin agus droch shampla d'fhorais Stáit
eile', dar le Trevor Ó Clochartaigh.
'Is cosúil freisin nach bhfuil go leor Gaeilge ag baill den Ghárda Síochána chun a gcuid dualgais a chomhlíonadh - de réir na tuairisce. Is rud suntasach agus scanallach é gur gabhadh saoránach toisc go ndearna sé iarracht deighleáil le Garda i gcéad teanga na tíre', a deir an Seanadóir.
'Ardaíonn an tuairisc ceisteanna bunúsacha a léiríonn an gá atá ann don Rialtas plean a leagann amach le cinntiú gur féidir seirbhísí a sholáthar tré mheán na Gaeilge do Ghaeilgeoirí na tíre'. 'Deirtear sa tuairisc gurb é an ganntann foirne le Gaeilge an deacracht is mó a bhí ag saoránaithe maidir le deileáil le comhlachtaí poiblí le linn na bliana 2012, chomh fada agus a bhain sé le feidhmiú na ngealltanas a bhí tugtha ina scéimeanna teanga féin', a deir Ó Clochartaigh.
'Is léir arís ón tuairisc inniu nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge, ná faoi Acht na Teangacha Oifigiúla, atá in ainm is a bheith faoi athbhreithniú, ach nach bhfuil tada cloiste againn faoin athbhreithniú ceánna ar feadh beagnach bliain. Tá an Rialtas ag déanamh faillí ollmhór ar a chuid dualgais i leith na teanga sa réimse seo', a deir Seanadóir Shinn Féin. 'Tá sé sách dona nach bhfuil an Straitéis 20 Bliain dhá chuir i bhfeidhm ach ar éigean, ach is measa fós go bhfuil an Rialtas ag ligean do na heagraíochtaí Stáít neamhaird a dhéanamh den dlí ar nós gur cuma leo faoi agus mar thoradh go bhfuil siad ag déanamh damáiste damanta don Ghaeilge.'
'Beidh mé ag iarraidh ar an Aire ráiteas a dhéanamh maidir lena bhfuil beartaithe ag an Rialtas chun an scéala chuir ina cheart', a deir Trevor Ó Clochartaigh.
Government neglect is damaging the Irish language - Ó Clochartaigh
Senator Trevor Ó Clochartaigh has criticised the Government for the lack of implementation of language schemes in
the Public Service. The Sinn Féin spokesperson on the Irish
Language and the Gaeltacht was speaking following the publication today of the annual report of the Language Commissioner. 'An Coimisinéir Teanga said today that 2012 ‘was not a vintage year for the promotion of Irish in the public sector'. This is a considerable understatement', says the Galway West Senator.
'It is becoming increasingly clear that the Government and the State are disregarding the Official Languages Act', according to Ó Clochartaigh. 'There is very little being done as regards the implementation of language schemes in State organisations, they are being disregarded and that is a cause for great shame for the Minister of State for the Gaeltacht in my view', said the Sinn Féin Senator.
'According to the Coimisinéir Teanga in his report, although he has issued regular warnings on this matter over a number of years, he is concerned now more than ever, that there is no secure or stable basis to the system for confirming language schemes', and that is a damning indictment of this Government' say Ó Clochartaigh.
'The report cites many examples of lack of action. For the first time ever this year, according to the Commissioner, a
language scheme was amended to remove an obligation, when a complaint was made that the obligation was not being fulfilled. The aberration was a simple thing, with no real cost worth speaking of to implement and it is a great insult to the Irish language community that the Department of Justice were granted permission by the Department of the Gaeltacht allowing them not to abide by the obligation', say the Sinn Féin Senator.
'It is also clear that that members of An Garda Síochána do not have enough Irish to fulfil their obligations. It is remarkable and scandalous that a citizen was arrested because he attempted to deal with the Gardaí in our first language', says Trevor Ó Clochartaigh.
'There are further fundamental questions as regards the provision of public services and it is clear that there is a need for the Government to put in place a concrete plan which would ensure that services can be delivered to Irish speakers through the medium of Irish', says the Senator.
'According to the report, 'During 2012, it was apparent that the absence of sufficient numbers of staff with competence
in Irish was the main obstacle for public bodies in achieving the commitments given in language schemes', says Ó Clochartaigh.
'It’s clear from the report that the Government is not serious about Irish, nor the Official Languages act, which is supposedly under review, but about which we have heard little in quite some time. In my view, the Government is completely failing in its obligations in this regard', says the Senator.
'It is appalling that the 20 Year Strategy for the Irish Language is not being implemented properly and that the language is not being promoted as is necessary. But it is worse still that the Government is not protecting the language, rather that they are damaging it by their actions and inactions', according to Ó Clochartaigh.
'It is high time that the Government took the rights of Irish language speakers seriously, and implemented the
language schemes and I will be calling on the Minister of State to clarify what
the Government intend to do', says Trevor Ó Clochartaigh.
ENDS
RSS Feed