The Sinn Féin Galway West – South Mayo Senator has been pushing for over a week for a debate to address the serious anomalies that are involved in the new waste management system which is to be introduced tomorrow.
Under particular pressure from Sinn Féin the Leader of the Seanad finally agreed to ask the Minister to come back in to the Seanad today to clarify the situation. Ó Clochartaigh says:
‘Minister Coveney was incredibly dismissive of us in the Seanad last week in a debate on a Sinn Féin motion to withdraw the Statutory Instrument that is allowing Waste Companies to rip off the citizens. He told us categorically that no-one would be paying more as a result of the new regime and that he had assurances from waste companies that people would probably pay much less under the new model.
‘It has come to light in the interim however, that he is totally incorrect. Here in Galway for example, Barna Waste Recycling have confirmed to Raidió na Gaeltachta that this is only the case for current registered customers. Anyone previously using bags, or recycling their own waste will now have to register with the company as new customers and will have to pay a standing charge and pay by weight on their waste. This will certainly mean that they will be paying more than they have done thus far.
‘Either the Minister wasn’t aware of the companies’ plans to do this, hadn’t clarified this with them, or wilfully withheld this information and misled the Dáil & Seanad. Either of these is totally unacceptable.
‘Fianna Fáil wholeheartedly supported and praised the Minister for his handling of this situation, opposed our motion to maintain the status quo until this had been fully worked out, and are therefore fully complicit in this deceit.
‘This more than ever shows that Sinn Féin were correct this week in calling for the statutory instrument giving effect to these powers to be withdrawn and this can still be done. It is clear that the Waste Companies cannot be trusted to implement this new system fairly and that the privatisation model and the government are failing citizens on this issue.
‘That is why Sinn Féin have been calling on the Minister to come back in to the Seanad to address this situation, repeal the bin hikes and put a process in place to provide waste management services which are effective, efficient and promote environmentally friendly activity which doesn’t financially penalise the people of Ireland.’
__________________
Tá fáilte curtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala go bhfuil an tAire Tithíochta, Pleanáíl & Rialtas Áitiúil chun teacht isteach sa Seanad inniu leis an bpraiseach ar fad faoi na táíllí nua dramhaíola a phlé arís.
Tá Seanadóir Ghaillimh Thiar - Maigh Eo Theas ag cur brú le seachtain le haghaidh díospóireacht chun na fabhtanna tromchúiseacha atá tagtha chun solais leis an gcóras nua bailithe dramhaíola atá le theacht isteach amárach, a réiteach.
Faoi bhrú ó Shinn Féín ach go h-áirithe, b'éigean do Cheannaire an tSeanaid géílleadh don éileamh go dtiocfadh an tAire isteach inniu chun an cás a shoiléiriú. Deir Trevor Ó Clochartaigh:
‘Rinne an tAire Coveney beag is fiú ar fad don imní a léirigh muid sa tSeanad an tseachtain seo caite i ndíospóireacht ar rún le Sinn Féin chun Ionstraim Reachtúil atá ag ligean do chomhlachtaí bruscar saoránaithe a bhánú, a tharraingt siar. Deir sé linn go neamhbhalbh go raibh geallúintí aige ó na comhlachtaí dramhaíola nach mbeadh daoine ag íoc níos mó agus go mbeadh a bhformhór, mór ag íoc níos lú faoin gcóras nua.
‘Tá sé tagtha chun solais ó shoin, áfach, go bhfuil sé seo mícheart amach is amach. Anseo i nGaillimh mar shampla, tá sé deimhnithe do Raidió na Gaeltachta ag Comhlacht Athchúrsála Bhearna nach mbaineann seo ach do chustaiméirí atá cláraithe leo cheana féin. Beidh ar aon duine a bhí ag déanamh a gcuid athchúrsála féin, nó ag ceannacht málaí bruscar sna siopaí clárú anois leis an gcomhlacht mar chustaiméirí nua agus mar thoradh ar sin beidh orthu táillí nua seasta a íoc agus costais íoc de réir meáchan sa mullach ar sin. Níl aon dabht mar sin, go mbeidh siadsan ag íoc i bhfad níos mó ná mar a bhí siad go dtí seo.
‘An amhlaidh nach raibh fhios ag an Aire go raibh i gceist ag na comhlachtaí seo a dhéanamh? An é nach raibh sé tar éis seo a fhiafrú dóibh? Nó an é gur choinnigh sé an t-eolas seo siar in aon turas agus é ag cur dallamullóg ar an Dáil & Seanad dhá bharr? Níl ceachtar de na cásanna sin inghlactha.
‘Thacaigh Fianna Fáil go h-uile agus go fonnmhar leis seo agus ardmholadh acu don Aire faoin gcaoi ar láimhseáil sé an cheist seo, ag cur i gcoinne rún s’againne a bhí ag iarraidh an staid reatha a choinneáil nó go mbeadh sé seo oibrithe amach ar fad agus bhíodar mar gheall ar sin lán pháirteach sa chomhcheilg seo ar fad.
‘Léiríonn seo níos mó ná ariamh go raibh an ceart ar fad ag Sinn Féin an tseachtain seo agus muid ag éileamh go dtarraingeofaí siar an ionstraim reachtúil seo a chealódh na cumhachtaí breise seo agus is féidir sin a dhéanamh go fóill. Tá sé ríshoiléir nach féidir muinín a chur sna Comhlachtaí Dramhaíola leis an gcóras nua seo a chur i bhfeidhm go cothrom, go bhfuil teipthe ar cur chuige an mhargadh príobháidigh agus go bhfuil an rialtas ag loic ar a gcuid dualgais do shaoránaithe na tíre.
‘Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Aire teacht isteach sa Dáil & Seanad chomh luath agus is féidir arís chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo, na h-ardaithe ar tháillí bruscar a tharraingt siar agus próiseas a chur sa tsiúl a chuirfidh seirbhísí bailithe bruscar i bhfeidhm atá éifeachtach, ar ardchaighdeán agus a spreagfaidh deá-chleachtais ó thaobh an chomhshaoil agus nach leagfaidh pionóis bhreise airgid ar mhuintir na hÉireann.'
RSS Feed