Galway Senator Trevor ó Clochartaigh has referred to the recent announcement made by Providence Resources as a necessary catalyst that will place huge pressure on the government to alter the existing oil and gas licensing terms.
The Sinn Féin Senator was responding to claims made by the exploration group Providence Resources that the Barryroe field in Cork could yield up to 1.6 billion barrels of oil.
He stated, “Radical changes must be made to our licensing and revenue terms governing gas and oil exploration. Sinn Féin has consistently argued and campaigned in favour of a higher tax rate and for the State to take a direct share in all oil and gas finds. This was also echoed in reports by SIPTU and an Oireachtas Joint Committee, but Minister Rabbitte has chosen to ignore these recommendations to date.”
“As a matter of principal, the oil and gas off our shores should belong to the Irish people and be viewed as our own, sovereign natural resource. With regard to practical economic matters, a proper taxation and management regime, in line with international best practice, could benefit
the State to the tune of billions of euro. Such a financial windfall could be used to stimulate the Irish economy, protect public services, create employment and provide supports for all those left devastated as a result of the economic collapse.”
“It is now clear that the government is unlikely to rock the boat on this issue and will quite happily allow this unjust, nonsensical state of affairs to continue as they side with the major oil companies to the detriment of the citizens. For this reason the public have a responsibility to be vocal in their opposition to the current licensing and revenue terms. We must view the recent announcement as an opportunity; one that will once again re-open the great oil debate and build support for the necessary legislative change to ultimately maximise this beneficial resource.”
Díospóireacht faoin Ola lasta arís
Ag déanamh tagairt dó don fhógra a rinne Providence Resources le déanaí, dúirt Seanadóir Ghaillimh Thiar, Trevor Ó Clochartaigh go n-osclaíonn sé seo arís an díospóireacht maidir le téarmaí ceadúnais an Rialtais do thaisceolaíocht ola & gáis in Éireann agus cuirfidh sé brú breise orthu iad a athrú.
Bhí Seanadóir Shinn Féin ag labhairt tar éis don ghrúpa taisceolaíochta Providence Resources a fhógairt go bhféadfadh suas le 1.6 billiún galún ola a bheith aimsithe acu i limistéir Bhaile Rua amach ó chósta Chorcaigh, a bhfuil siad ag druileáil inti faoi láthair.
Dúirt sé, “Ní folaír athruithe radacacha a chuir ar na ceadúnais a thugtar amach agus an sciar cánach a bhailítear ó thaisceolaíocht ola & gáis. Tá Sinn Féin ag stocaireacht de shíor ar an gceist seo agus muid ag lorg ráta cánach níos airde ar an mbreosla a thugtar i dtír agus sciar níos mó don Stát as na taiscumair a fhaightear. Bhí sé seo sonraithe chomh maith i moltaí i dtuarascálacha ó SIPTU agus an Comhchoiste Oireachtais, ach tá an chluais bhodhar tugtha ag an Aire Rabbitte do na moltaí sin go dtí seo”.
“An bunphrionsabail a bhaineann leis seo ná gur le muintir na hÉireann na hacmhainní ola agus gáis atá amach ó chosta na tíre seo agus is acmhainn Stáit iad. I dtéarmaí bunúsacha eacnamaíochta, thabharfadh córas ceart cánach agus réimeas bainistíochta bunaithe ar dheá-chleachtais idirnáisiúnta, luach saothar breise don Stát gur fiú na billiúin euro é. D’fhéadfaí an t-airgead breise seo a úsáid le borradh a chuir faoin eacnamíocht, seirbhísí poiblí a chosaint, fostaíocht a chruthú agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd ar fad atá ag fulaingt de bharr an ghéarchéim reatha eacnamaíochta”.
“Ach, tá sé ríshoiléir faoi láthair gur beag seans atá ann go bhfuil an Rialtas seo chun na téarmaí a athrú agus go bhfuil siad sásta ligean don socrú gan chiall seo leis na hollchomhlachtaí idirnáisiúnta leanúint ar aghaidh, beag beann ar riachtanais shaoránaigh na tíre. Mar thoradh ar seo, ní bhfolair dúinne a bheith glórach mar fhreasúra agus muid ag cur i gcoinne na téarmaí ceadúnais reatha. Caithfear breathnú ar an bhfógra is déanaí seo mar dheis leis an díospóireacht mhór faoinár n-acmhainní nádúrtha a mhúscailt in athuair agus tacaíocht a neartú do na h-athruithe reachtaíochta is gá a dhéanamh leis an luach is fearr a bhaint as na h-acmhainní ríthábhachtacha seo do phobal na hÉireann”.
RSS Feed