Bay Salmon Fish Farm is to take place this Thursday 25th April at 8pm in the Westwood Hotel, Galway City.
Organised by Sinn Féin, the meeting will be addressed by
spokespeople from both BIM and ‘No Salmon Farms at Sea’.
Sinn Féin held a similar meeting in Rosaveel recently.
Galway Senator Trevor Ó Clochartaigh said that debate and understanding of the many complex issues involved was crucial to this process.
Speaking in advance of the public meeting he stated, “I am very much aware that this is a contentious issue that requires serious discussion and analysis. We must weigh up the social, legal and ecological ramifications of this proposal and ensure cross community engagement. For an effective position to be taken, we must be able to make reasoned, informedarguments.”
“I have raised this issue with the Sinn Féin leadership and the Ard Chomhairle will debate it at their next meeting before a position is announced on the matter.”
For further details please contact the Galway Sinn Féin office on 091 567921.
____________________________
Reachtáilfar cruinniú poiblí maidir leis an bhfeirm éisc
chonspóideach atá beartaithe i gCuan na Gaillimhe ar an Déardaoin seo chugainn, 25ú Aibreán, ag a 8 i.n. in Óstán an Westwood sa gcathair.
Beidh ionadaithe ó Bhord Iascaigh Mhara agus an eagraíocht ‘No Salmon Farms at Sea’ ag labhairt ag an gcruinniú atá dhá eagrú ag Sinn Féin na Gaillimhe.
D’eagraigh Sinn Féin cruinniú cosúil leis i Ros a’Mhíl le déanaí chomh maith.
Deir Seanadóir na Gaillimhe, Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil go leor ceisteanna casta ag baint leis an bhforbairt seo agus nach foláír don phobail dul i ngleic leo agus is chuige sin atá an díospóireacht chuimsitheach seo beartaithe.
Ag labhairt dó roimh an chruinniú poiblí deir sé, “Tuigim go rí-mhaith gur cheist chonspóideach í seo a dteastaíonn cuid mhaith plé agus díospóireacht fuithi. Caithfidh muid na cuinsí sóisialta, dlíthiúla agus eiceolaíochta don phlean seo a mheas go mion agus deimhniú go mbíonn an pobal rannpháirteach sa bplé. Le go dtógfar cinneadh stuama, caithfear argóintí réasúnacha, meáite a chuir chun cinn”.
“Tá an cheist seo ardaithe agam le ard cheannasaíocht Shinn Féin agus pléifidh an Ard Chomhairle é ag an gcéad chruinniú eile sula dtógfaidh muid seasamh oifigiúil ar an gceist”.
Le tuilleadh sonraí a fháil fáigh i dteagmháil le hOifig Sinn Féin na Gaillimhe ag 091 567921.
RSS Feed