Speaking in Leinster House today the Galway West - South Mayo Senator says:
'Today in the Seanad Sinn Féin will be putting forward amendments to a Housing bill which would put Rent Certainty measures in place to link rent increases to the Consumer Price Index. This would provide certainty for tenants and landlords alike and prevent people being made homeless due to spiralling rent costs.
'There are currently over 6,700 people homeless in Ireland. 4,200 of these are adults and 2,400 are children. This is without counting all those people who are couch surfing or staying in unsuitable conditions with family, friends or benevolent organisations.
“Every day, more people are presenting as homeless. Home repossessions, houses being sold in which tenants are living, spiralling rents and family breakdown are the key reasons. In Galway and Mayo, the majority of people coming to my office in such difficulties are seeking help because of housing issues and an inability to afford the massive hikes that landlords are demanding.'There are tens of thousands of other citizens and families who live in fear of hikes in their rent that might push them into homelessness. This is a crisis that must be tackled immediately.
'Yet, the Fianna Fáíl - Fine Gael coalition have consistently refused to tackle and stop outrageous rent increases. They have recently voted against Sinn Féin’s rent certainty proposals twice; in the Dáil in June, and in the Seanad in the last month. Their statements since however indicate their position may be changing.
“However, despite all the platitudes around homelessness the government is failing to take the urgent action required to keep people in their homes and provide housing for those trapped in emergency accommodation.
“They have an opportunity to rectify that situation again today. Not one more family and not one more child should be made homeless. The government must commit to the single biggest step they could take that would stop people falling into homelessness and that’s rent certainty linked to the Consumer Price Index'.
_____________________-
Deir Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil deis eile inniu ag comhrialtas Fianna Fáil - Fine Gael le Cinnteacht Cíosa a chur ar fáil do shaoránaithe atá faoi bhrú ollmhór agus gur chéim thábhachtach a bheadh anseo le dul i ngleic leis an géarchéim easpa dídine atá ag dul ó smacht ar fad.
Ag labhairt do inniu as Teach Laighean deir Seanadóir Ghaillimh Thiar - Maigh Eo Theas:
'Inniu sa Seanad beidh Sinn Féin ag cur leasuithe chun cinn ar bhille Tithíochta a chuirfeadh Cinnteacht Cíosa in áit agus iad ceangailte le h-arduithe ar an Innéacs Praghas Tomhaltóra. Chuirfeadh seo cinnteacht ar fáil do thionóintaithe agus tiarnaí taluna araon agus stopfadh sé daoine a bheith dhá dhíbirt as tithe de bharr na h-arduithe ollmhóra atá ag teacht go seasta síoraí ar chiosanna.
'I láthair na h-uaire tá ós cionn 6,700 duine gan didean in Éirinn. Daoine fásta iad 4,200 acu seo agus 2,400 páiste. Sin gan an dream uilig atá ag codladh ar thoilg nó i gcóiríocht mí-oiriúnach le cairde, gaolta no eagrais charthanachta, a chomhaireamh.
“Gach lá tá níos mó daoine gan didean ag teacht chun cinn. Athghabháalacha tí, tithe ina bhfuil tionóntaithe ag cónaí dhá dhíol, arduithe cíosa agus géarchéimeanna i dteaghlaigh na cúiseanna is mó a bhfuil sé seo ag tarlú. Formhór na ndaoine atá ag teacht i dteagmháíl le m'oifig sa as Gaillimh & Maigh Eo baineann sé le deacrachtaí tithíochta agus gan a bheith ábalta na h-arduithe dochreidte atá tiarnaí talúna ag lorg a íoc. 'Tá na scórtha mílte saoránach eile a bhfuil imní orthu go dtiocfaidh ardaithe ar a gcuid cíosanna, a chuirfeadh amach ar an tsráid iad chomh maith. Caithfear dul i ngleic leis an ghéarchéim seo láithreach.
'In ainneoin na ndeacrachtaí follasacha, tá diúltaithe ag comhrialtas Fianna Fáíl - Fine Gael deileáil leis seo agus stop a chur leis na h-arduithe scannallacha cíosa. Le déanaí tá siad taréis vótáil i gcoinne moltaí maidir le cinnteacht cíosa a chur Sinn Feín chun cinn faoi dhó - sa Dáíl i mí an Mheitheamh agus sa tSeanad an mhí seo caite. Ach, léiríonn ráítis atá déanta le tamall acu go bhféadfadh athrú a bheith ag teacht ar an bport atá acu.
“In ainneoin na briathra binne maidir le easpa dídine áfach, tá ag teip ar an Rialtas ó thaobh gníomhú go práinneach le daoine a choinneáil ina dtithe féin, nó tithe a chur ar fáil do dhaoine i gcóiríocht éigeandála.
“Tá seans eile inniu acu an scéal a leigheas. Ní chóir go gcuirfí fear, bean ná páiste eile amach ar an tsráid. Caithfidh an rialtas glacadh leis an chéim is tábhachtaí chun daoine a chosaint ó easpa dídine agus sin Cinnteacht Cíosa nasctha leis an Innéacs Praghas Tomaltóra thabhairt isteach'.
RSS Feed