‘Caithfidh an Rialtas seasamh leis an dream a bhfuil deacrachtaí amharc acu, coiste Náisiúnta Comhordaithe a bhunú chun a ngeallúint don Eagraíocht Sláinte Domhanda a chomhlíonadh agus maoiniú do thaighde riachtanach a chur ar fáil a thabharfaidh amharc ar ais do na milliúin duine agus a chruthóidh fostaíocht d’ardchaighdeán sa tír seo’, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.
Inniu an Lá Domhanda Amharc agus tá an Seanadóir as Sinn Féin ag tacú le feachtas atá ar siúl ag VISPA (Vision Impaired Service Providers Alliance) a dhéanann ionadaíocht ar cheithre eagraíochta thacaíonn le daoine a bhfuil deacrachtaí amharc acu. Tá 14,000 duine sa tír seo a bhfuil amharc teoranta acu nó a bhfuil radharc na súil caillte ar fad acu. Tá méadú 12% ag teacht ar úsáideoirí seirbhísí na n-eagraíochtaí atá faoi scáth VISPA gach bliain. Siad na heagraíochtaí atá i gceist ná Comhairle Náisiúnta na nDall, Fighting Blindness, Cumann na Madraí Treorach agus Ionad Naomh Sheosaimh do Dhaoine le Deacrachtaí Amharc.
‘Tá sé ráite ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda gurb é an réimse seo ceann de na géarchéimeanna is measa ar Domhan’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. ‘I 2003 shínigh an tír seo comhaontú idirnáisiúnta leis an WHO chun an straitéis Vision 2020 a chur i bhfeidhm. Mar chuid de sin bhí Coiste Comhordaithe Náisiúnta le bunú agus níl sin fiú déanta fós acu. Tá muid ag impí ar an Rialtas sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille agus polasaí náisiúnta a chur i dtoll a chéile agus a fheidhmiú.’
‘Chomh maith le sin tá Éireann go maith chun tosaigh maidir le taighde eolaíoch sa réimse seo agus muid iontach gar do thástáil cliniciúil a thosú ar chóir leigheas do roinnt de na deacrachtaí amharc atá ar fud an domhan. Thabharfadh na tástálacha cliniciúla seo faoiseamh do na mílte duine in Éirinn agus bheadh súil le táirgí leigheas a fhorbairt a chuirfí ar fáil go domhanda. Tá sé riachtanach mar sin leanúint leis an maoiniú ar an taighde sin sa tír seo agus cinntiú go ndéanfar forbairt ar tháirgí in Éireann a thabharfaidh faoiseamh dóibh siúd ar amharc lagaithe agus a chruthóidh fostaíocht d’ardchaighdeán’, a deir an Seanadóir.
Thug baill agus lucht tacaíochta VISPA aghaidh ar Theach Laighean inniu le aird a tharraingt ar an bhfeachtas agus shín siad litir isteach don Taoiseach maidir leis na héilimh atá acu. Ta breis eolais le fáíl ag www.vispa.ie.
___________________________________________________
‘The Government must open their eyes to the plight of the visually impaired’– Ó Clochartaigh
‘The Government must support the visually impaired, set up a National Co-ordinating Committee to live up to commitments made to the WHO and maintain essential funding for research and development which could improve or restore sight for millions of people worldwide which could create vital employment here at home’, according to Sinn Féin Senator Trevor Ó Clochartaigh.
Today is World Vision Day and the Galway West Senator is supporting the campaign by VISPA which represents four organisations which support people with a visual impairment in Ireland. There are about 14,000 people in this country who have a visual impairment or who are fully blind. The number of service users of these organisations is increasing 12% per annum, The organisations in question are The National Council for the Blind, The Irish Guide Dogs Association, Fighting Blindness and St. Joseph’s Centre for the Visually Impaired.
‘The WHO have stated that this area is one of the most significant global health crises at present,’ says Ó Clochartaigh. ‘In 2003 Ireland signed up to implement the WHO’s international agreement VISION 2020. As part of that commitment they agreed to set up a National Co-ordinating Committee and develop a national strategy and they haven’t done that. I am calling on the present Government therefore, to immediately set up such a committee and develop this policy as a matter of urgency.’
‘Ireland is also at the cutting edge of scientific research in this area and we are tantalisingly close to clinical trials starting on a range of cures for people who are visually impaired. These clinical tests would bring relief to thousands of patients who would be involved in them and potentially provide cures for millions of people worldwide. It is imperative, therefore, that the Government continue to support the research to bring relief to those who are visually impaired which could also create high quality employment in
Ireland by developing the products here also’.
Members and supporters of VISPA marched to Leinster House today to draw attention to their campaign and to hand in a letter to the Taoiseach outlining their proposals. You can get more information at www.vispa.ie.
RSS Feed