bhforéigin baile in Éireann agus as a bhfaillí tacaíocht agus cosaint sásúil a thabhairt dóibh siúd atá mar íospartaigh mí-úsáide. Bhí urlabhraí shóisearach Sinn Féin ar chúrsaí Dlí ag labhairt sa Seanad inniu agus é ag iarraidh rún de chuid an Lucht Oibre a leasú chun impí ar an Rialtas cinntiú go mbeadh dóthain spásanna dhá sholáthair d'íospartaigh foréigin baile.
“Is gníomh gránna, brúidiúil, meata, í an fhoréigin baile agus is ceann le tionchar suntasach fisiciúil agus intinne é."
“Ba chóir go mothódh gach duine slán sábháilte ina mbaile féin agus níor chóir go mbeadh ar aon duine conaí i dteach
agus iad faoi bhagairt ionsaí”.
“Is deacracht faoi leith agus fadhb forleathan é seo i sochaí na hÉireann agus tá tionchar aige ar thuairim is bean
as gach cúigear. Leis an ardú suntasach le roinnt bliana anuas, táimid ag druidim i dtreo leibhéal géarchéime agus tá an fhianaise ag fáil níos follasaí gach lá.”
“I 2010, thuairisc SAFE Ireland go bhfuair níos mó ná 7,235 bean agus 2850 páiste tacaíocht ó sheirbhísí tacaíochta
foréigin baile, méadú 40% thar trí bliana.”
“De réir an Líonra Éigeandála um Éignithe, bhí méadú de thart ar 11% ó 2010 ins an méid daoine a ionsaíodh agus ar dhaoine eile a bhí ag lorg comhairle agus tacaíocht óna seirbhísí sáintacaíochta, méadú de bhreis is 9% ar 2009.”
“De réir an ionad Éigeandála um Éignithe i mBaile Átha Cliath, bhí méadú de 10% i nglaochanna taifeadta go dtí an líne chabhrach náisiúnta atá ar fáil 24 uair an chloig sa ló agus méadú ar an iomlán de 25% ó 2008.”
“I nGaillimh, tugadh tacaíocht do thart ar 600 bean agus páiste tríd seirbhís dídean agus for-rochtana COPE agus thacaigh siad le 86 bean a chuaigh chun na cúirte ag lorg orduithe cosanta dlíthiúla. Ach ní raibh siad in ann dídean a chur ar fáil do 214 bean agus 319 páiste eile a tháinig chucu, méid mór daoine.”
“Ach, níl an Rialtas tar éis aghaidh mar is ceart a thabhairt ar an ngéarchéim seo trí deighléail leis an bhfadhb agus
tacaíocht bhreise a chur ar fáil - ina ionad sin tá ciorraithe eile tugtha isteach acu. Ins an tréimhse ar mhéadaigh an líon daoine a mbíonn Safe Ireland ag tabhairt tacaíocht dóibh, bhí laghdú ina maoiniú de thart ar 35% agus bhí
laghdú i maoiniú ón HSE don ionad Éigeandála um Éignithe i mBaile Átha Cliath, fad is a bhí méadú mór ag teacht ar líon na nglaochanna cabhrach a bhí dhá thaifead acu”.
“Níl sé seo maith go leor agus tá Sinn Féin ag impí ar an Rialtas filleadh ar an leibhéal maoinithe a bhí ann roimh Bhuiséad 2013 ar a laghad”.
“Ag an am céanna leis na ciorraithe seo sa maoiniú, tá ag teip ar an Rialtas deighleáil leis an easpa soláthair dídine
d'íospartaigh foréigin baile. Molann Comhairle na hEorpa, go gcuirfí ar a laghad spás dídine amháin ar fáil in aghaidh gach10,000 duine den daonra agus tá an Rialtas i bhfad ón sprioc sin.”
“Caithfimid cinntiú freisin go bhfuil fáil ag íospartaigh ar chosaint éigeandála nuair atá na cúirteanna dúnta. Tá 'Cúnamh na mBan', i measc eagrais eile, tar éis a léiriú go gcuireann an easpa áiseanna seo go leor mná i gcontúirt agus is gá dul i ngleic leis an bhfadhb seo mar ábhar phráinne”.
______________________________________
Greater access to Shelters for Victims
of Domestic abuse vital
Senator Trevor Ó Clochartaigh has criticised the Government’s failure to respond to the growing incidence of domestic abuse in Ireland and in providing adequate supports and protections for those who are being abused.
The Sinn Féin junior spokesperson on Justice was speaking in the Seanad today, in attempting to amend a Labour Party motion, calling on the Government to ensure that there is adequate provision of places in shelters and to ensure that there are emergency protections in place for victims when the courts are not sitting.
“Domestic violence is a brutal, callous and cowardly act and one which has very severe physical and mental repercussions. Everyone should have the right to feel secure in their own home and no one should have to live under
threat of attack under their own roof”.
“It is a particularly pervasive problem in Irish society, affecting approximately one in five Irish women. With a
considerable rise in recent years, we are fast approaching crisis levels – and the evidence is staring us in the face.”
“In 2010 SAFE Ireland recorded that more than 7,235 individual women and 2,850 individual children received support from domestic violence support services, a 40% increase over three years”.
“According to Rape Crisis Network Ireland, in 2011 there was an 11% increase from 2010 in survivors and others seeking counselling and support from their specialist services, on top of a 9% increase in 2009”.
“The Dublin Rape Crisis Centre report that calls to the National 24 hour helpline operated by the centre increased by nearly 10% in 2011, an overall increase of 25% since 2008”.
“In Galway, over 600 women and children were supported through both the refuge and outreach services of COPE in 2012, and 86 women were accompanied to court for legal protection orders. However, the refuge was unable to accommodate another 214 women with 319 children, a considerable number.”
“The Government have responded, not by addressing the problem and adding additional supports, but by introducing
further cuts. The increase in people being supported by Safe Ireland coincided with a 35% cut to their funding over this time and the increase in calls to the Dublin Rape Crisis centre also coincided with a further reduction in the
statutory funding they received from the HSE”.
“That is simply not good enough and Sinn Féin are calling on the Government to return to at least pre-budget 2013 levels of funding.”
“These cuts to funding have also been accompanied by a failure to address the shocking under provision of shelter to
victims of domestic abuse. The Council of Europe sets
out a recommendation of at least 1 refuge place per 10,000 of population and the Government are way off that target”.
“We also need to ensure that victims have access to emergency protection when the courts are closed. 'Women’s Aid', among other bodies, have highlighted that the inability to access such protection at weekends for example, has left many women at risk and that is an issue which needs to be tackled urgently”.
RSS Feed