Deir an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhféadfadh cásanna dlí, fada, fadálacha, a bheadh iontach costasach don gcáiníocóir, a bheith mar thoradh ar an dtogra.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh:
“Faoi reachtaíocht an Aontas Eorpaigh, tá dualgas ar an Aire claonadh i dtreo na cúramachta, nuair a chuireann eagraíocht aitheanta ar nós Uiscí Intíre Éireann, atá míshásta leis an Ráiteas Tionchar Timpeallachta atá ullmhaithe don dtionscnamh seo, fianaise ós a chomhair.
“Ba chóir don Aire an togra a stopadh ag an bpointe seo, mar má leanann sé ar aghaidh is cinnte go dtógfar dúshlán sna cúirteanna, rud a d’fheadfadh dhá eagraíocht stáit agus na páirtithe leasmhara eile sa tionscal a chuir in adharca
a chéile, a d’fhéadfadh costas ollmhór a tharraingt ar an gcáiníocóir agus go bhféadfadh an Aontas Eorpach a bhlocáil ar deireadh.
“Níor cheart ligean don dtogra seo dul chun cinn nuair atá an oiread cur i gcoinne ó pháirtithe leasmhara áitiúla agus pobail a bhfuil imní dáiríre orthu maidir leis an dtionchar eacnamúil, sóisialta agus eiceolaíochta a bheadh ag a leithéad d’fhorbairt.
“Ba chóir don Aire Coveney dul chun cainte anois le BIM, geallshealbhóirí áitiúla agus ionadaithe ón tionscal chun malairt pleananna a fhorbairt leis an leibhéal fostaíochta agus táirgíochta a theastaíonn le pobail inmharthanacha cois cósta a choinneáil agus leis an tionscal próiseala éisc a chaomhnú ar chósta na hÉireann.”
_____________________________
Sinn Féin Senator Trevor Ó Clochartaigh has called on Fisheries Minister Simon Coveney to put a halt to the Bord Iascaigh Mhara deep sea fish farm project off Inis Oírr in Galway Bay.
Senator Ó Clochartaigh said to proceed with the project will almost certainly lead prolonged legal challenges at a huge cost to the taxpayer.
Speaking today Senator Ó Clochartaigh said:
“There is an onus on the Minister to err on the side of caution under EU legislation when presented with evidence from a competent body such as Inland Fisheries Ireland, who are unhappy with the Environmental Impact statement that has been prepared in relation to this project.
“The Minister should put a halt to the project at this stage, as to continue would almost certainly lead to prolonged legal challenges, which could involve two or more State agencies and industry stakeholders, which could cost the taxpayer a lot of money and result in the project being blocked by the European Union.
“The project should not be allowed to proceed with very staunch opposition from local stakeholders and communities who have genuine concerns in relation to the economic, social and ecological impacts of such a project.
“Minister Coveney should engage with BIM, local stakeholders and industry representatives to develop new alternative plans to create the level of employment and
production capacity needed to maintain a thriving fishing and processing industry along the Irish coastline.”
RSS Feed