‘Le trí lá as a chéile d’iarr Sinn Féin go bpléifí impleachtaí an bhinse fiosruithe seo agus diúltaíodh don iarratas sin gach uair. Tá an tuarascáil pléite go mion sna meáin, ar fud na tíre, i mbeár na Dála agus ar feadh trí lá sa Dáil féin agus níorbh bhfiú leis an Rialtas ná Fianna Fáil go bpléifí sa Teach Uachtair é an tseachtain seo. Tá an Seanad ag dul ar scor inniu ar feadh beagnach trí seachtain. Mhol mé go bhféadfaí teacht ar ais ar an Mháirt seo chugainn le plé speisialta a dhéanamh faoi Mahon, ach ní raibh aon ghlacadh leis sin ach an oiread’, dar le Seanadoir Ghaillimh Thiar.
‘Caitheadh na céadta milliuin euro, cloiseadh fianaise ó os cionn cheithre chéad duine, rud a thóg cúig bhliana déag. Tá impleachtaí móra ag na moltaí atá déanta sa tuarascáil fíor thabhachtach agus ba chóir go mbeadh plé déanta futhu an tseachtain seo, fiu dá mbeadh díospóireacht níos doimhne de dhíth níos déanaí. Nuair a bhí ceist faoin bpáidir roimh imeachtaí an tSeanaid mar shampla, bhí diospóireacht mór ann faoi ar an bpointe. Is é an trua nár bhfiú don Rialtas an omós ceanna a thabhairt don cheist seo.
‘Gheall an Rialtas roimh fhoilsiú na tuarascála go mbeadh diospóireacht ann faoi, duirt Fianna Fáíl go bhfáilteoidís roimhe, bíonn na neamhspleáigh sa tSeanad ag caint ar an gá le hoscailteacht agus trédhearcacht sa phroiséas polaitiúil, ach nuair a tháinig sé chun vóta go bpléifí Mahon roimhe na Cásca, níor vótáil ach Sinn Féin agus David Norris ar a shon’, a deir Ó Clochartaigh.
‘Ní iontas go bhfuil muinín caillte ag an bpobal sa gcóras polaitiúil nuair atá a leithéad seo ag tarlú. Tá go leor daoine imníoch faoi choiriúlacht sa gcóras, tá siad imníoch nach bhfuil moltaí Binse fiosruithe Moriarty curtha i gcrích, bíonn siad amhrasach nuair a fheiceann siad leithéidí Denis O’Brien ag roinnt árdán leis an Taoiseach agus tá an chosc seo ar dhíospóireacht ag cur leis an easpa muiníne sin’, a deir Seanadóir Shinn Féin.
RSS Feed