ar Staidéar Chuimsitheach Teangeolaíochta. Chuathas i gcomhairle le grúpaí pobail, eagraíochtaí agus daoine aonair gur suim leo cur chun cinn na Gaeilge. Ach, nuair a fhéachann tú ar cur chuige an Rialtais maidir le cur i bhfeidhm na straitéise céanna agus Bille na Gaeltachta atá rite anois acu, measaim go gcaithfear an cheist a chuir an mbeidh fiúntas ar bith leis ar deireadh thiar, nó an bhfuil sé chun níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh?
Tá an cur chuige ‘a la carte’ atá roghnaithe ag an Rialtas an-chontúirteach. Is léir freisin ó Bhille na Gaeltachta go mbeidh dualgais bhreise ar eagrais pobalbhunaithe gan acmhainní breise leis an obair a dhéanamh i gceart. Léirigh an Staidéar Chuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht an phráinn a bhain le dul i ngleic leis an cúlú teangan, nó go mbeadh an Ghaeilge gar a bheith imithe sna ceantair Ghaeltachta taobh istigh de fiche bliain. D’fhág an Straitéis féin roinnt moltaí tábhachtacha ón staidéar ar lár agus anois tá an Rialtas ag rá nach gcuirfear ach cuid den straitéis féin i bhfeidhm ag brath ar acmhainní agus indéantacht. Tuigeann duine ar bith atá ag plé le cúrsaí Gaeilge& Gaeltachta ar bhonn laethúil go bhfuil an fhadhb níos doimhne ná sin.
Ag croí an scéil tá ceist bhunúsach faoi thacaíocht an Rialtais agus na hAirí éagsúla do chás na Gaeilge. Is cosúil gurb é an tAire Oideachais, Ruairí Quinn an té is naimhdí ar fad – nó sin a thugann a chuid cinntí polaitiúla le fios. Tá ciorruithe éagcothroma curtha i bhfeidhm aige ar scoileanna Gaeltachta & Gaelscoileanna gan aird ar bith a thabhairt ar chúinsi teangeolaíochta. Rinne sé gearradh siar ar na scoláireachtaí Gaeltachta agus ar an tacaíocht d’ábhar múinteoirí chun seal a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá gcúrsa oiliúna. Tá Quinn i gceannas ar an Roinn is tábhachtaí ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis, ach ní léir go bhfuil mórán dul chun cinn dhá dhéanamh ag an gcoiste ard cheannasach idir rannach atá bunaithe idir iad féin agus Roinn na Gaeltachta. Choinnigh siad an Chomhairle um Oideachas Gaeilge & Gaelscolaíochta, a bhfuil saintaithí agus saineolas acu sna réimsí seo, ón leibhéal ard chinnteoireachta seo. Ní léir go bhfuil aon fhorbairt suntasach ag tarlú maidir le feabhsú an churaclam, nó oiliúint níos fearr a chuir ar ábhar oidí. Seo céimeanna bunúsacha atá riachtanach má tá rath ar bith le bheith ar an obair.
Tá na tAire McGinley tar éis scéimeanna nua tacaíochta teaghlaigh agus pleanála teangan a sheoladh atá thar a bheith easnamhach agus gur deacair muinín a chuir iontu chun spriocanna uaillmhianacha
na straitéise chun 250,000 a chuir ag labhairt na Gaeilge in Éireann, a bhaint amach. Leis an gcur chuige mantach, místuama seo an bhfuil sé in am ‘Stop’ a rá? An mbeadh muid níos fearr as admháil nach bhfuil i gcur chuige an Rialtais seo ach sop in áit na scuaibe?
Má leanann daoine ag tacú leis an Straitéis mar cur chuige an bhfuil muid ag prappáil suas polasaí Rialtais nach bhfuil acmhainní go leor dhá chuir ar fáil dó agus nach bhfuil dóthain tacaíocht aige ó Airí agus Teachtaí an Rialtais le go mbeadh fiúntas leis? Ar cur i gcéill ar fad atá ann go bhfuil rud éigin ar bun nó ar mó dochar a dhéanfaidh an cur chuige seo sa bhfad téarma ná maitheas? An bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, mar atá ag Fine Gael & an Lucht Oibre, ar nós an scéal faoin rí gan aon éadach? Go dtuigeann gach duine i bpobal na Gaeilge agus i dTithe an Oireachtais go bhfuil sé amhlaidh, ach go bhfuil faitíos ar dhaoine é a ra ós ard, mar nach bhfuil aon seans go gcuirfear malairt straitéise in áit má imíonn sé?
RSS Feed